Má bhaineann dráma deora asat, caithfidh go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ort.
Bunús an lucht éisteachta a bhí i láthair ag premiere domhanda dráma úir Owen McCafferty, The Absence of Women, ag Halla Elmwood i mBéal Feirste, bhí siad ag cuimilt a súl agus iad ag aithint rud eigin iontu féin a léirigh an drámadóir iontach seo as Béal Feirste.
Baineann The Absence of Woman le cuid mhór ábhar, iad fite fuaite ina chéile go deismir, néata. Bhain sé le Béal Feirste nó le meon cúng Bhéal Feirste leathchéad bliain ó shin agus an dóigh ar theagasc sé – agus a theagascann? – dá bhunadh bheith ina dtost, ní sa chiall pholaitiúil (amháin) ach ar bhonn na mothúchán. Ná déan caidrimh, ná gabh sa seans, coinnigh do chomhairle féin.
Chruthaigh an mheon seo fadhb go háirithe i bhfir Bhéal Feirste, fir chiúine, láidre ar túisce leo dorn ná póg, Belfast men don’t dance.
Sin mar atá beirt phríomhcharachtar an dráma Iggy agus Gerry, fir a bhfuil a saol caite acu ag obair ar láithreáin thógála Shasana. Ba mhaith le Gerry (Karl Johnson) pilleadh uair amháin eile go dtí a chathair dhúchais ach tá leasc ar Iggy (Ian McIlhinney). Tá rún dorcha aige a léiríonn meon druidte Bhéal Feirste ag an am. Ta Gerry ina stuaic ag an rún seo ina bhfuil íomhá fhir óig ina chompánach buan aige ó d’fhág sé an baile.
Ta Iggy ina stuaic ag gné eile dá shicé. Tá radharc thar a bheith cumachtach sa dráma – aoinneoin chomh coitanta, suarach is atá sé ar leibhéal amháin – ach tá mé cinnte go ndeachaigh sé an oiread sin i bhfeidhm cionn is gur aithin bunús an lucht éisteachta na mothucháin a bhi i gceist óna dtaithí féin. Deirtear gur “hightened reality” atá sa dráma agus sin an fáth gur éirigh chomh breá leis an radharc agus radharc eile gaolmhar níos maille ina bhfuil cailin óg ó oige Iggy, Dotty.
Ba iad na radharcanna seo a chuaigh an oiread sin i bhfeidhm orainn uilig agus arbh’eigean an Kleenex fána choinne.
Ní nach ionadh, tá an t-aisteoireacht thar barr – McIhinney agus Johnson ar ndóigh ach tá moladh ar leith ag dul don bheirt aisteoirí óga – Conor MacNeill agus Alice O’Connell
Is dráma é seo a fhanfaidh sa chuimhne ar feadh tamaill fhada, dráma a léiríonn muintir an bhaile seo beag beann ar na Trioblóidí, ach a théann go croí a saoil.