Ó shraith an bháis go dtí an t-athbhreith i gConamara “Is deas liom bheith anseo,” a deir Sunny Jacobs liom. “Ar ndóigh, is deas liom bheith áit ar bith na laethanta seo.” Is greann atá i gceist ach tá uafás dochreidte taobh thiar den ghreann. Chaith Sunny 17 mbliana i bpríosún – 5 bliana acu ar “Death Row” nuair nach raibh cead ag aonduine labhairt lei – as dúnmharú bheirt phóilín i 1976, coir nach ndearna sí. Chaill sí teagmháil lena beirt pháiste, maraíodh a beirt thuismitheoir i dtaisme eitleáin le linn di bheith i bpríosún, agus cuireadh a páirtí chun báis as an choir chéanna. Ach tugann Sunny Jacobs buíochas gach lá go bhfuil sí beo. Cén cineál duine a bhí in Sonia Jacobs sular tharla an t-uafás seo di? Deirtear go raibh sí ag cleachtadh “hippy lifestyle”. Cad é an chiall a bhí leis sin?

“Bhuel, chreid mé i síochán agus i ngrá agus feoilséantóir a bhí ionam. Bhí mé i mo chónaí ar imeall an tsochaí, mar a déarfá, ach ní raibh mé éagsúil ó chuid mhór daoine eile. B’fhéidir go raibh mo chéad pháiste agam níba luaithe ná mar is gnách, bhí mé scartha ó mo pháirtí, ach bhí mé ag obair agus ag tabhairt aire do mo mhac. Ar ndóigh, ag an am sin, ní raibh daoine chomh tuigseach sin fá chailíní a raibh páistí acu agus gan iad pósta. “Ba í an bhrionglóid a bhí agam go mbeadh fear chéile agam, athair do mo mhac agus go mbeadh saol sona sásta agam ina dhiaidh sin,” arsa Sunny. Nuair a bhuail sí le Jesse Tefaro, chreid Sunny gur fíoradh a haisling.

Fear cineálta, cneasta a bhí in Jesse – ainneoin go raibh sé i dtrioblóid leis an phéas roimhe, ag caitheamh sealanna i bpríosún, ach ghlac sé le stíl bheatha Sunny agus bhog siad in aontíos lena chéile, i Miami, Florida. “Bhí Miami i bhfad níos tuathúla ná mar atá se inniu. D’fhéad muid dul amach agus an bhricfeasta a bhaint de na crainn thart orainn – oráistí, cnóanna cócó agus araile,” ar sí. Rugadh leanbh don lánúin ach níorbh fhada gur chinn Jesse go gcaithfeadh sé imeacht lena chuid “fadhbanna pearsanta” a leigheas agus chinn Sunny go rachadh sí ina chuideachta. Bhí sí i ngrá leis an bhrionglóid a bhí aici agus d’fhág sí an saol ídileach seo le Jesse a leanstan i dtreo an uafáis. I mí Feabhra 1976, bhí an bheirt ag imeacht leo nuair a d’ofráil cara Jesse, fear darbh ainm Walter Rhodes, síob dóibh. Bhuail Walter agus Jeese lena chéile i bpríosún blianta roimhe. (Ní raibh a fhios ag Sunny go raibh Jesse i bpríosún go dtí raibh sí ag súil amach leis ach chreid sí, má chaith duine a sheal i bpríosún, go raibh “an scláta glan.” “Mar sin, níor iarr mé ceadúnas tiomána ar Walter Rhodes, ní raibh ann ach go raibh sé ag tabhairt síob dúinn,” arsa Sunny.

Bhí an cúigear – Rhodes, Tefaro, Sunny agus an bheirt pháiste, Eric a bhí 9 mbliana d’aois agus Tina a bhí 10 mí d’aois – ar an bhealach ó thuaidh ar an Interstate 95 nuair ghlac siad sos in áit a bhí leagtha amach do thiománaithe. I ndiaidh tamaill bhig, tháinig beirt phóilín, Phillip Black, agus oifigeach a bhí ar chuairt ó Cheanada, Donald Irwin, ar gháth-phatról Insíonn Sunny an scéal. “Chonaic na póilíní gunna in aice le suíochán an tiománaí, d’oscail an doras, thóg amach an gunna agus d’ordaigh an bheirt fhear amach as an charr agus ansin ag pointe éigin, thosaigh an scaoileadh. Bhí mise i gcúl an chairr agus chlúdaigh mé na páistí agus nuair a bhí an scaoileadh thart d’amharc mé le go bhfeicfinn an raibh Jesse maith go leor. Chonaic mé na póilíní ar an talamh agus gunna i lámh Walter Rhodes a bhí ag screadaigh orainn dul isteach i gcarr na bpéas. “Isteach linn agus thiomain sé leis agus muid ag urnaí go stopfaí muid ag seicphointe, rud a tharla. Scaoil na póilíní ar an ghluaisteán ach ba é Rhodes amháin a bhí gortaithe. Thiocfadh linn uilig bheith marbh ach bhí faoiseamh orainn gur chreid muid go ndearnadh tarrtháil orainn, ach ní raibh sé amhlaidh. “Gabhadh muid uilig, cuireadh i bpríosún muid, baineadh na páistí dom agus cuireadh dúnmharú inár leith,” arsa Sunny. Ach bhí a fhios ag Rhodes an dóigh leis an chóras a láimhseáil. Le téarma príosúntachta a fháil in áit phionóis an bháis, mhaígh sé gurb iad Sunny agus Jesse a mharaigh an bheirt phóilín.

Cuireadh scrúdú bhrathadóir éithigh air ach ainneoin gur theip air, níor tugadh sin le fios go dtí 17 mbliana níos maille (sin scéal eile). Chreid Jesse agus Sunny go simplí, as siocair gan iad a dhath contráilte a dhéanamh, go ligfí saor iad ach fuarthas ciontach iad agus daoradh Sunny agus Jesse chun báis – ar fhianaise Walter Rhodes agus fianaise phríosúnaigh eile – cailín óg a ligeadh amach as an phríosún díreach i ndiaidh í an fhianaise bhréagach a thabhairt – a dúirt gur chuala sí Sunny ag “admháil” go ndearna sí na dúnmharaithe. Ag an am, ba í Sunny Jacobs an t-aon bhean amháin a bhí i sraith an bháis i Meiriceá. Chaith sí cúig bliana ina cillín seachas dhá uair sa seachtain nuair a ligeadh di cithfholcadh a ghlacadh agus an chuid eile den leathuair a chaitheamh amuigh sa chlos le garda nach raibh cead aige labhairt lei. Ba doiligh ag duine ar bith a shamhlú chomh huaigneach is a bhí sí. . Cad é na “coping mechanisms” a bhí aici, a d’fhiafraigh mé di. “Bhuel, ag an tús, bhí mé beo ar an fhearg,” ar sí. “Ba é ba mheasa ná go raibh beirt pháiste agam. Bhí mo iníon deich mí agus níor thuig sí ach bhí mo mhac naoi mbliana d’aois agus bhí seisean sa charr linn agus d’imir sé an-droch-thionchar airsean. Tháinig stad sa chaint air, bhí drocham aige ar scoil, b’éigin do bogadh ó scoil go scoil. Mar sin, sa chéad chúpla bliain, bhí sé go hainnis,” ar sí.

Deir Sunny gur chaith sí na céad cúpla bliain sin lán feirge agus frustrachais, chaill sí muinín in achan rud ar teagascadh di, gur bréaga a bhí sa chóras dlí agus cirt, a bhí i nDia. Mhothaigh sí go raibh sí ag cailleadh a daonnachta, gur ainmhí feargach i gcás a bhí inti. Tháinig feabhas ar chúrsaí nuair a fuair sí litreacha ó Jesse agus óna tuismitheoirí agus chinn Sunny go ndéanfadh sí a dícheall bheith ina duine chomh maith is a thiocfadh lei. “Chinn mé go raibh cumhacht níos tábhachtaí ná na daoine a chuir i bpríosún mé,” ar sí. “Ba liomsa mo shaol féin taobh istigh den chillín sin sé throigh fá shé throigh, níorbh éigin dom maistín faoi sceimhle agus faoi fhearg gach bomaite den lá. “Chinn mé go ndéanfainn mo chuid oibre inmheánach – rinne mé tearmann de mo chillín. Don chéad uair i mo shaol, d’aithin mé go raibh searbhóntaí agam. Níorbh éigin dom obair a bith a dhéanamh – glanadh, cócaireacht, siopadóireacht a dhéanamh, ní raibh aon duine faoi mo chúram. “D’aithin mé go raibh faill iontach agam,” arsa Sunny. “In áit an garda a bhí mo choinneáil sa chillín a fheiceáil, chonaic sí searbhónta a bhí ag giollacht bia dom. Mhothaigh mé buíoch. Thiocfadh liom díriú ar na drochthreimhsi amháin – agus bhí siad ann – ach bhí buntáistí ag baint leis an saol seo fosta. “Shuínn sios, dhéanainn ióga, rud a chonaic mé ar an teilifís agus bhí cuma mhaith air ainneoin nach raibh mé ar rang riamh. Dhéanainn machnamh agus sit-ups agus press-ups. Chinn mé gan a bheith dúdóite. Dhéanainn fadhbanna mata i mo chloigeann, rud ar bith leis an leadrán a choinneáil faoi smacht.” Agus, ainneoin gur tháinig amhras uirthi faoi Dhia, fuair sí amach go raibh cuid mhór tairbhe le baint as an Bhíobla a bhí sa chillín. I ndiaidh tamaill, fuair Sunny amach go raibh níos mó pribhléidí ag na fir a bhí ar shraith an bháis ná mar a bhí ag na mná. Mar sin, chuir sí an dlí ar na húdaráis, cás a bhain sí agus mar thoradh, bhí sí ábalta dhá leabhar sa tseachtain a bheith aici agus bhí sí ceadaithe bheith taobh muid dá cillín ceithre uair a chloig – in aghaidh na seachtaine! Bhí sin thar barr, a deir sí. Don chéad uair le cúig bliana, le linn na gceithre uair a chloig sin, bhí cead aici labhairt le daoine eile. As siocair na páistí bheith ar scoil agus iad ina gcónaí i New Hampshire, ní bhíodh mo thuismitheoirí ábalta iad a thabhairt ar cuairt ach le linn laethanta saoire na scoile. “Rinne mé amach nach gcaithfinn mo shaol lán eagla. Dá dtiocfadh an bás, thiocfadh sé. Gach lá dá dtiocfadh, b’fhéidir gurb é mo lá deireanach a bheadh ann agus ba mhairg é dá gcaithfinn faoi sceimhle é,” ar sí.

Ní hionann am i bpríosún agus an t-am taobh amuigh. Deir sé go raibh trí thréimhse sa lá – an tréimhse idir bricfeasta agus lón; an tréimhse ón lón agus go dtí am dinnéir agus ansin an ceann b’fhaide, ó am dinnéir go dtí am bricfeasta. Ba iad na beilte amháin a bhris an lá ina gcodanna. I ndiaidh chúig bliana, lagdaíodh an daorbhreith ó phionós an bháis go dtí príosúntacht saoil agus bhí cead aici tegamháil a dhéanmh leis na priosúnaigh eile, ar theagasc sí ióga dóibh. Deir Sunny, nuair a tháinig sí go hÉirinn an chéad uair, go deachaigh sí ar thuras bus turasóireachta chuig príosún Chill Mhaighreáin.

“Nuair a chuaigh mé isteach, bhí mé ag iarraidh na cillíní a fheiceáil ina mbíodh na hÉireannaigh clúiteacha seo, le fáil amach an raibh sé cosúil le cillín s’agam féin,” ar sí. “Nuair a chuaigh mé isteach, bhí siad díreach mar a gcéanna, sé choiscéim go dtí an doras, sé choiscéim ó thaobh go taobh, dá gcuirfeá amach do lámha ó thaobh do taobh, dhóbair go dtiocfadh leat do mhéara a leagan ar an dá bhalla. Sin an spás ina bhfuil tú i do chónaí. “Ach d’fhoghlaim mé gur mó mé ná colainn a dtiocfadh leo a chur i gcillín. Mhothaigh mé gur sprid seachas colainn a bhí ionam. Bhí mé beo níos mó i mo sprid ná i mo cholainn. Gach lá, dhéanainn an machnamh agus chuirinn mo sprid amach. D’aithin mé nach dtiocfadh le ballaí an phríosúin mé a choinneáil istigh, nár choinnigh sé ach mo cholainn fhisiciúl istigh ach gur ann do ghné eile de mo bheithsine, agus go raibh ghné eile sin saor agus nárbh fhéidir é a shárú. “Chuirinn mo sprid amach chuig mo chuid páistí gach oíche le croí mór isteach agus póg oíche mhaith a thabhairt dóibh ar a 11pm gach oíche,” ar sí. Ach bhí tréimhse dubh dorcha ag Sunny agus í i bpríosún. Cuireadh a páirtí, Jesse Tefaro, chun báis i ndiaidh é 15 bliana a chaitheamh ar shraith an bháis ar dhóigh chomh scáfar gur doiligh a shamhlú.

Ar an 4ú Bealtaine 1990, cuireadh Jesse ar an chathaoir aibhléise darbh ainm Old Sparkey. Níor oibir sé mar ba cheart. Ghlac sé 13 bhomaite le go bhfaigheadh Jesse bás. Dúirt finnéithe gur tháinig bladhairí sé orlach amach as a chloigeann agus toit amach as a chluasa. “‘Tá tú ag cur fear neamhchiontach chun báis. Cuimhnígí ar m’ainm,’ na focail deireanacha a dúirt sé,” arsa Sunny. “Tamall ó shin, rinneadh drama darbh ainm The Exonerated ina léann siad amach sliochtanna as litreacha idir mé féin agus Jesse. Mar sin, ní shílim go ndéanfar dearmad choíche dá ainm.” ar sí. (Ghlac a n-iníon go dona le bás a Daidí agus b’éigean í a chur chuig scoil do pháistí a bhfuil fadhbanna síceolaíochta acu agus tá fadhbanna leanúnacha aici féin agus ag Eric). Sa deireadh thiar thall, i ndiaidh í 17 bliain a chaitheamh i bpríosún, d’éirigh le cairde agus le dlíodóirí a bhí ag obair ar a son habeas corpus a fháil. Tháinig siad ar cháipéisí a léirigh go raibh Walter Rhodes ag inse bréaga, gur theip air sa scrúdú bhrathadóir éithigh.

Tharraing an finné óg siar a fianaise bhréagach agus d’aithin na húdaráis go raibh sí neamhchiontach. Anóis, bhí sí ag toiseacht saoil úir ach gan í réidh fána choinne, a páirtí marbh, a tuismitheoirí marbh, a beirt pháiste ina strainséirí aici, gan í ábalta béile a d’ordú gan taom scaoill a bheith aici. Arís agus an mheon dheimhnitheach sin aici, chinn Sunny go ndéanfadh sí stocaireacht in éadan phionóis an bháis agus tugann sí cainteanna ar son Amnesty International. Tháinig Sunn Jacobs go hÉirinn uair amháin le caint a thabhairt agus tá sí ann ó shin! Bhí sí ag tabhairt léachta nuair a thug sí faoi deara go raibh fear sa lucht éisteachta ag caoineadh. Fear darbh ainm Peter Pringle a bhí ann, Baile Átha Cliathach a ciontaíodh – go héagórach – as Garda a mharú i mBealach a Doirín i 1980. Chaith seisean 15 bhliana i bpríosún sular scaoileadh saor é. D’éirigh Peter agus Sunny iontach mór le chéile agus anois tá an bheirt acu ina gcónaí i gConamara agus Sunny ag foghlaim Gaeilge! Taistealann siad go forleathan lena scéal a inse agus stocaireacht a dhéanamh in eadan phionóis an bháis.

Bíonn Sunny ag teagasc ióga do dhaoine taobh amuigh agus taobh istigh de phríosúin anseo in Éirinn. Is féidir scéal ionspráidiúil Sunny Jacobs a léamh ina iomláine sa leabhar Stolen Time a foilsíodh i mbliana ag Doubleday. * Foilsíodh an scéal seo i gcéaduair san Irish News.

Le tuilleadh ábhar Gaeilge a fheiceail, is féidir sintiús a ghlacadh ag www.irishnews.com

Join the Conversation

1 Comment

  1. D’fhreastail mé ar chúpla rang ióga ar an Spidéal roinnt blianta ó shin agus ní thiocfadh liom a chreidbheáil nuair a dúradh liom gur chaith an bheainín beag gleoite seo de mhúinteoir an oiread sin ama i bpríosún agus gur tharla na tragóidí eile sin ar fad di. Sunny by name, sunny by nature. Mholfainn go mór do dhaoine a leabhar a léamh, ‘Stolen Time’.

Leave a comment

Leave a Reply to AntUltach Cancel reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.