Beidh Neil Martin ag seinm píosa úr dá chuid atá bunaithe ar an seancéal Gaeilge Buile Shuibhne sa Cheoláras Náisiúnta anocht i gcuideachta Iarla Uí Lionáird agus Stephen Rea.

Tá Neil Martin iontach sásta leis féin – agus cad chuige nach mbeadh?

Beidh an cumadóir Feirsteach ag stiúradh coirme de shaothar úr dá chuid  i gcomhair le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ sa Ceoláras Náisiúnta, sa phríomhchathair ar lá éarlamh na hÉireann, anocht, 17 Márta.

Anuraidh, d’iarr RTÉ ar Neil saothar a chumadh do Lá na Féile Pádraig agus tharla sé go raibh sé féin agus Iarla Ó Lionaird ag iarraidh teacht ar thogra a dtiocfadh leo comhoibriú lena chéile air.

“Luaigh Iarla liom go raibh sé ag léamh Sweeney Astray, aistriúchán Béarla Seamus Heaney den seanscéal Gaeilge, Buile Suibhne agus d’éirigh muid tógtha agus muid ag smaoineamh go dtiocfadh linn ciogal amhrán a dhéanamh bunaithe ar aistriúchán Heaney,” arsa Neil a chuaigh ag obair air láithreach bonn.

“Saothar iontach casta atá in Buile Shuibhne agus bhí a fhios agam go mbeadh reacaire de dhíth mar, leis an leabhar a cheol, bheadh 15 uair a chloig ag teastáil,” ar sé.

“Mar sin, chinn muid ar chiogal amhrán a dhéanamh, mé féin ag scríobh na n-amhrán agus an cheoil, Iarla mar amhránaí, Stephen Rea mar reacaire, agus Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ár gcomóradh”

Chuaigh Martin go dtí Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg le saothar Heaney a fheannadh agus saothar 55-bhomaite a dhéanamh de,obair dhian ar chúpla bealach.

“Bhí mé mór le Seamus, duine de na filí is fearr riamh, ar feadh 25 bliana ach seo mé ag iarraidh a sárshaothar dá chuid a ghearradh siar!” arsa an Mairtíneach.

“Chaith mé roinnt seachtainí ag inse leaganacha difriúla den scéal dom féin go dtí go raibh rud éigin aimsithe agam a bheadh oiriúnach do cheolchoirm.

“Chuir mé leagan Gaeilge de Bhuile Suibhne a scríobh JG O’Keeffe do Cumann na Scríbheann nGaedhilge thiar i 1913 le cheile os mo chomhair agus leagan Heaney le go bhfaighinn léargas éigin ar smaointeoireacht Heaney agus é i mbun a aistríuchan féin.

Ar an dóigh seo a tháinig Neil ar leagan amach na coirme d’oíche na Féile Pádraig.

Deir sé gur léiriú macaronic a bheidh ann a inseoidh faoi Shuibhne agus an phurgadóireacht a fhulaingíonn sé i ndiaidh do naomh éan a dhéanamh de ag Cath Mhagh Roth.

Agus cad é a shíleann Neil den ghealt seo Suibhne? An bhfuil aon bhaint aige le saol an lae inniu?

“Bhuel, is scéal as an ghnáth é ar chuid mhór bealaí,” ar sé, “ach domsa, go pearsanta, pléann mé leis an ealaíontóir, agus ról an ealaíontóra sa sochaí, fear a bhfuil a anam cráite, curtha as a riocht.

“Ag an am céanna, bhaineann sé leis an seal sin nuair a d’iompaigh muintir na hÉireann ón Phágántacht go dtí an Chríostaíocht. Ag tús an scéil, tá Suibhne ag caitheamh sleánna ar Naomh Rónán ach ag an deireadh tá sé ag glacadh leis an ola dhéanach agus é ar leaba a bháis.

Chomh maith le Sweeney, beidh léiriú de shaothar eile de chuid, Neil Martin, Ossa, siansa córúil a cumadh in 2007 le cothrom 400 bliain ó d’imigh na hIarlaí as Éirinn chun na coigríche a chomóradh.

Sa saothar seo, bhí Neil ag iarraidh turas an nIarlaí, an eachtraíocht a bhain leis chomh maith le polaitíocht na linne sin sa 17ú haois.

Chinn Neil ar ainm an phíosa nuair a chonaic sé uaigh Uí Neill in eaglais San Pietro in Montorio agus gan ar an leac ach a ainm agus an focal ossa a chiallaíonn “cnámha” i Laidin..

Beidh Sweeney agus Ossa le cluinstin sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath anocht, 17 Márta ar a 8in.

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.