Fán am a léifidh tú seo, seans go mbeidh an tAthair Shay Cullen, i bpríosún i Manila.
Tá an sagart as Dún Laoghaire – a ainmníodh do Dhuais Nobel na Síochána – sásta bheith curtha i gcillín le aird a dhíriú ar uafás thionscail an ghnéis sna hOileáin Fhilipíneacha, áit a bhfuil sé ag obair inti le 38 mbliain.
Is as Glas Tuathail, Dún Laoghaire do Shay Cullen. Deir sé gur chinn sé bheith ina shagart mar go raibh sé ag iarraidh rud éigin fiúntach a dhéanamh lena shaol agus é ina fhear óg.
“Ní raibh seans ar bith agam dul ar ollscoil mar nach raibh mo thuismitheoirí ar dhóigh ar bith saibhir agus ní bhfuair mé na grádanna a bhí ag teastáil.
“Bhí mé breá idéalach agus ba iad na missionary societies an t-aon bhealach ina dtiocfadh liom an t-idéalachas sin a chur ag obair,” ar sé.
Cuireadh an tAthair Cullen go hOlongapo City ar Subic Bay, turas thrí uair a chloig ó thuaidh ó Maníla i Mí Mheán an Fhómhair, 1969.
B’ansin a bhí bunáit ollmhór chabhlaigh de chuid Mheiriceá agus, 60 míle ar shiúl, bhí bunáit a bhí níba mhó arís, Clarke Air Base, ónar imigh eitleáin Mheiriceánacha le buamaí a thitim ar Vietnam.
“Bhí bailte móra striapacha taobh amuigh de gheataí na mbunáit seo,” arsa an t-Athair Cullen. “I gcomhair leis na hoibrithe sóisialta a raibh mé ag obair leo, fuair muid amach go raibh paistí chomh hóg le naoi mbliana d’aois á n-úsáid mar striapaí.
D’éirigh thar barr leis an chéad fheachtas a raibh an t-Athair Cullen gníomhach ann.
“I ndiaidh muid feachtas a reáchtáil bunáiteanna míleata Mheiriceá a dhruidim – feachtas ar éirigh leis i ndiaidh deich mbliana – cuireadh deireadh go hiomlán le tionscal an ghnéis.
“Rinne muid tarrtháil ar chuid mhór de na hoibrithe gnéis – ach thug an rialtas áitiúil tacaíocht don tionscal seo as ar eascraíonn gach sort oilc – mi-úsáid drugaí, teaghlaigh briste, HIV agus SEIF, dúshaothrú ban agus paistí, foréigin agus coiriúlacht,” arsa an t-Athair Cullen.
I ndiaidh thrí mbliain, tháinig sé ar ais le tacaíocht ó pholaiteoirí éillitheacha Filipíneacha agus Mafia idirnáisiúnta an ghnéis.
Deir Unicef go bhfuil mi-úsáid a dhéanamh ar suas le 60,000 duine óg dúshaothraithe. Deir eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhfuil suas le 100,000 i gceist.
Ní fios cá mhéad duine fásta atá páirteach, na céadta míle b’fhéidir, dar le Shay Cullen.
Cad é mar a thiocfadh le rialtas bheith i bhfách leis an chineál seo “tionscail” a fhágann an ghruaim gach áit ina dhiaidh?
Bhuel, seo roinnt staitisticí. I 2005, chuaigh corradh le 2.6 milliún turasóir ón choigríoch chun na nOileán Filipíneacha. Chaith siad tuairim’s ar $2.4 billiún sa tír. I mbliana, tá roinn turasóireacht na tíre ag dúil le 3 mhilliún turasóir, an líon is mó riamh agus tá an rialtas ag dúil go gcaithfidh siad idir $2.8 billiún agus $2.9 billiún.
Tá siad ag dréim le cúig mhilliún cuairteoir fá 2010. Bheadh sin go breá dá mba teaghlaigh a bhí á mealladh chun na n-oileán áille seo ach, de réir suirbhé a rinneadh i 2004, 62.4 faoin chéad de thurasóirí, fir leo féin nó ina ngrúpaí a bhí iontu, sin triúr as gach cúigear. I measc na dturasóir Seapánach, fir a bhí in 79 faoin chéad acu!
Agus tá na hÉireannaigh páirteach ann fosta.
Tá fear a bhíodh sa RUC, chun tosaigh i dtionscal an ghnéis i gcathair Angeles. Deir an tAthair Cullen go gcuireann an fear seo cailíní faoi 16 bhliana d’aois ar fáil do thurasóirí gnéis.
Deir an tAthair Cullen gurb é tacaíocht an rialtais agus an bhochtaineacht an dá chúis is mó atá leis an fhadhb.
“Tá an bhochtaineacht cruthaithe ag an elite ceannais – 2% den daonra – ar leo 70% de mhaoin na tire. 86 milliún duine ina gcónaí san hOileáin Fhilipíneacha,” arsa an sagart Columban.
Bhunaigh Shay Cullen the PREDA Foundation (People’s Recovery, Empowerment and Development Association) i 1974. Shábháil an eagraíocht paistí ó na príosúin, ó na drúthlanna, agus déanann siad iarracht an pobal a chur ar an eolas fán dóigh a dtig leo paistí a chosaint agus le drochíde a chur faoi bhráid na n-údarás – an chuid atá inmhuiníne!
“Anuas ar sin, tá oifig dhlí againn a théann sa tóir ar lucht chiaptha ban agus páiste, ar na turasóirí gnéis, idir bhunadh na háite agus choimhthigh,” arsa an t-Athair Cullen.
Ní nach ionadh, tá naimhde déanta ag PREDA i measc Mafia an ghnéis agus i measc pholaiteoirí áitiúla atá ag iarraidh an eagraíocht a dhruidim síos.
Tá siad á dhéanamh seo fríd thaicticí éagsúla, an ceann is mó a cuireann bac ar obair PREDA ná líomhaintí leabhalacha ina n-éadan.
I dtír shibhialta ar bith, bheifeá ag brath ar na breithiúna agus ar an phóilineacht bheith ar son an chirt, cosantóiri na maitheasa, ach níl sin amhlaidh sna hOileain Fhilipineacha.
“Níl sé sin fíor anseo ar an drochuair,” arsa Shay. “Tá an corbadh agus an bhreabaireacht forleathan. Tá nascanna mífholláine idir polaiteoirí agus na peas agus idir lucht gnó agus na peas. Tá an córas dlí truaillithe ag na nascanna sin chomh maith.
“Choir a bheith go bhfuil sé indéanta an dlí a chur ar mhí- úsáideoirí. Is féidir le cás cúirte a bhaineann le éigniú páiste mairstin suas le cúig bliana. Sa tréimhse sin, imíonn na finnéithe uilig as radharc agus bíonn an oiread sin brú ar an phaiste go n-éiríonn sé nó sí as an chás,” ar sé.
Sin an taictic atá ag lucht an oilc – rudaí a shíneadh amach a oiread agus is féidir. Tá siad ag baint úsáide as an taictic ceanna ina dtroid in éadan PREDA, ag cur cás i ndiaidh cás leabhail ina n-éadan.
De ghnách, díolann PREDA na bannaí agus troideann siad an cás ach deir an t-Athair Cullen go bhfuil sé féin agus a eagraíocht dúdóite le Mafia an Ghnéis a bhíonn de shíor ag cur na gcásanna gan bhunús seo agus gach sort eile caimiléireachta ina n-éadan le stop a chuir lena gcuid oibre. Deir sé anois gur mithid dó stopadh.
“Íocann muid bannaí agus leanann na cásanna cúirte ar aghaidh agus ar aghaidh, maireann siad suas go dti sé nó seacht de bhliana. Tá ‘an judiciary’ – dlíodóirí, ionchúisitheoirí, breithimh (in amanna), na péas, tá siad uilig ag déanamh airgid as seo uilig.
“Má dhiúltaíonn muid bannaí a íoc, agus má chuirtear i bpríosún muid, beidh muid ábalta aird a dhíriú ar an éagóir, an seanadh cirt agus an síor-sháinniú (frame up) a gcaitheann muid a fhuilstin. Cuireann muid an oiread sín ama agus airgid agus dúthrachta amú ag troid in éadan seo uilig.
Deir an t-Athair Cullen go bhfuil sé tiomanta go rachaidh sé go príosún mura stopann an feachtas in éadan a eagraíochta.
“Má chiallaíonn sé go gcaithfidh PREDA dul amach ar na sráideanna, meirgí agus buabhaill againn, ceamairí teilifíse agus preas ócáidí, leis an mhí-iompar seo a chur os comhair an phobail, caitheann muid á dhéanamh. Cosnóidh an Tiarna muid ó na bagairtí báis agus an ciapadh,” ar sé.
Tá féin-bheathaisnéis an Athar Shay Cullen, ‘Passion and Power’, ar fáil ar an idirlíon nó fríd shiopaí maithe leabhar.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar PREDA ag an suíomh idirlín; is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Athair Cullen ag preda@info.com.ph
* Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair i 2007.