Níor foilsíodh colún Shéamaí Mhic Giolla Ghinnéin san Irish News an tseachtain seo. Seo an méid a chaill sibh ..
D’imir siad a chéíle sa chluiche ceannais le trí bliana anuas. Ach cé acu a imreoidh An Ghaillimh an dara Domhnaich den mhí seo chugainn – Cill Chainnigh nó Tiobraid Árainn?
Iomáint : Dé Domhnaigh Cluiche leathcheannais na hÉireann (Beo ar RTÉ) 3.30pm : Cill Chainnigh v Tiobraid Árainn
Bhí cluiche breá againn Dé Domhnaigh seo caite agus tá Gaillimh ar ais sa chluiche ceannais don chéad uair ó 2005.
Mar a tharlaíonn, is í 2005 an bhliain deireanach nach raibh Cill Chainnigh sa chluiche ceannais – agus Gaillimh a stop iad sa chluiche leathcheannais an bhliain úd. Chuir Gaillimh bealach an chúldorais iad i mbliana i ndiaidh taispeántais fíormhaith i gcluiche ceannais Laighean ag tús mhí Iúil.
Ba dhoiligh a chreidbheáil an rud a rinneadh do Chill Chainnigh sa chéad leath sin. An dtig le Tiobraid Árainn an rud céanna a dheánamh leo Dé Domhnaigh?
Ba chóir go bhfuil a fhios ag na Tiobradaigh faoi seo an dóigh leis an lámh in uachtar a fháil ar a gcuid comharsana. I 2009, thug siad an-chluiche ar fad do na cait – go dtí gur tugadh cárta dearg do Bhenny Dunne. Ansin d’aimsigh Henry Shefflin cúl ó shaorphoc nach raibh, i mo thuairimse, tuillte acu – agus fuair Martin Comerford cúl mall eile.
Ach thug an taispeántas sin muinín go leor do Thiobraid Árainn agus thug siad an cluiche chuig Cill Chainnigh an bhliain dar gcionn, cluiche a bhain siad furast go leor le stop a chur leis an “Ruaig ar an Chúig”. Ach anuraidh ba iad na cait an fhoireann ba láidre.
Bhí siad i gceannas ar an chluiche ceannais ó thús deiridh, cé nach raibh ach cúpla cúilín eatarthu ag an fheadóg dheiridh. An lá sin, ní fhaca Padhraic Maher Thiobraid Árainn mórán den sliotar sa líne leathchúil. Dhírigh Cill Chainnigh an sliotar síos an taobh eile, áit a raibh Henry Shefflin, nó i dtreo Eddie Brennan. Níl Eddie ar fáil dóibh i mbliana ar ndóigh agus, cé gur bhain siad an tsraith gan mórán stró, ba léir nach bhfuil cuid de na himreoirí ar a sáimhín só go huile agus go hiomlán.
Ní fhacthas Tommy Walsh ag streachailt leis mar a bhí sé i gcluiche ceannais Laighean. Ní raibh lár na páirce mar ba mhian leo é agus bhí na tosaithe ag brath barraíocht ar Henry. Ní raibh laoch Bhaile Éile ach ina chéad chúpla cluiche ar ais i ndiaidh gortuithe.
Sa chluiche in éadan Luimní bhí siad ag teacht a chéile go maith. Bhí Tommy ar ais ar a sheanléim, bhí Michael Fennelly agus Michael Rice ar ais le chéile agus an-láidir i lár na páirce agus bhí Colin Fennelly ag deánamh go maith sna tosaithe.
Beidh Brian Hogan ar ais i ndiaidh gortuithe don chluiche seo, agus cé nach mbeidh Richie Power ar fáil, tiocfaidh TJ Reid isteach ina áit. Is láidre Cill Chainnigh ná am ar bith eile i mbliana – agus ní dhearna an cluiche breise dochar ar bith dóibh ach oiread.
Tá tamall fada ann ó bhí cluiche ceannais na Mumhan ann – cúig seachtaine, agus is fada an tréimhse sin gan cluiche comórtasach. Níl éacht ar bith deánta i mbliana ag Tiobraid Árainn go fóill i mo bharúil. Bhain siad cluichí ar chóir dóibh baint go furast. Ní gá a rá go bhfuil imreoirí maithe ar fáil do Declan Ryan – ach tá rud beag luais caillte ag Eoin Kelly agus bhí air Lar Corbett a fháíl ar ais le ceannaireacht a thabhairt don mhuintir eile. Nuair a amharcaim ar an dá fhoireann, níl mórán eatarthu. Tá siad beirt láidir sa líne leathchúil agus i lár na pairce, agus tá roinnt tosaithe fíorchruinn acu beirt.
Mar a bhí sna cluichí ceannais le trí bliana anuas, tiocfaidh sé anuas chuig taicticí – agus ádh ar ndóigh – ar an lá. Sílim go mbeidh Cill Chainnigh arís ag iarraidh an sliotar a choinneáil ó Padhraic Maher, go mbeidh an dá fhoireann ag iarraidh spás a chruthú sna tosaithe, go mbeidh Tiobraid Árainn ag iarraidh a gcuid fisiciúlachta a thabhairt san áireamh. Thaispeáin An Ghaillimh go raibh laigí ag Cill Chainnigh, ach an dtig le Tiobraid Árainn buntáiste a ghlacadh? Is é seo an cluiche is spéisiúla atá fágtha sa chomórtas. Is fiú luach an ticéid daichead euro é (tá pacáiste an-tarraingteach do dhaoine óga fosta). Ná caill é ar ór na cruinne.
Cluichí na Mionúr Cluiche leathcheannais na Mionúr A : Dé Domhnaigh, 1.30pm : Tiobraid Árainn v An Ghaillimh (Beo ar RTÉ) Cluichí leathcheannais na Mionúr B : Amárach, 2pm Ard Mhacha v Ros Comáin Cill Dara v Ciarraí
Bhí mé an-ghafa leis an chluiche mionúr Dé Domhnaigh seo caite idir An Clár agus Áth Cliath, toradh a bhí ag brath ar earráid réiteora in am breise.
Chaill an fhoireann a b’fhearr i mo bharúil – agus d’aontaigh bainisteoir Átha Cliath. Sílim go mbeidh cluiche comórtasach eile ann Dé Domhnaigh idir curaidh na Mumhan Tiobraid Árainn agus An Ghaillimh a chuir suas 4-20 in éadan Loch gCarman.
Beidh siad beirt compordach go leor i bPáirc an Chrócaigh agus tá mé ag dúil go mór leis an chluiche. Maidir le buaiteoir …… caithimis bonn! Níor imir Ard Mhacha go hiontach Dé Sathairn seo caite in éadan Chill Mhantáin i gcluiche ceathrúcheannais Grád B – ach bhain siad. Níl an cluiche is deacra rompu amárach i mBéal an Átha Mhóir, ach beidh orthu imirt i bhfad níos fearr.
Má tharlaíonn sé sin, bainfidh siad ar Ros Comáin. Bhain Cill Dara rófhurast in éadan Mhuigh Eo (9-22 go 2-2), agus fuair Ciarraí cúl in am breise le teacht fríd in éadan na Mí. Ach cé acu is réidhe don dara cluiche leathcheannais?
Beidh na cluichí leathcheannais sa chamógaíocht ann amárach i bPáirc Uí Nualláin – agus is deas a fheiceáil go bhfuil foirne eile ag brú isteach ar na cumhachtaí is mó sa chluiche.
Ar feadh tamaill fhada, shocraigh an cluiche idir Corcaigh agus Cill Chainnigh Corn Uí Dhubhthaigh. Ansin tháinig Tiobraid Árainn in áit Chill Chainnigh agus le cúig nó sé bliana anuas ba iad Loch gCarman a thug dúshlán Chorcaí.
Tá na Rebellettes fós san iomaíocht i mbliana – ach thug leithéidí An Chláir agus Átha Cliath an-iarracht i mbliana. Agus tá Uí bhFáilí fós san iomaíocht agus sin tuillte go maith acu. Imreoidh Uí bhFáilí curaidh na hÉireann Loch gCarman, agus sílim go dtabharfaidh siad cluiche maith dóibh – ach nach mbainfidh siad. Is iad Gaillimh agus Corcaigh atá san iomaíocht sa chéad chluiche. Tá craobh tuillte ag An Ghaillimh le tamall anuas – ach bíonn ádh de dhíth briseadh fríd. Tá súil agam go dtabharfaidh siad céim eile sa treo sin amárach. Guím ádh mór ar an réiteoir Owen Eilliot as an Bhaile Meánach a bhéas i mbun an dara cluiche agus fosta ar fhoireann Doire a imreoidh Tiobraid Árainn i gcluiche leathcheannais na nIdirmheánach amárach
Rudaí a thug mé faoi deara an tseachtain seo ….
go bhfuil craobhchomórtas Mhuigh Eo ag na cluichí leathcheannais agus an contae fós sa tóir ar Sam. Imríodh na cluichí ceathrú ceannais ag deireadh na seachtaine. Ní hionann sin agus Tír Chonaill! ..
go raibh sé deacair go leor idirdhealú a dheánamh idir dathanna Chorcaí agus na Gaillimhe Dé Domhnaigh, beo ná ar an teilifís. Cad chuige nár iarradh orthu athrú? ..
go raibh traenáil Chill Chainnigh druidte don phobal mhór le cúpla seachtain anuas. Is dócha gur cuimhin libh cúpla bliain ó shin nuair a tháinig thar dheich míle a fheiceáil an raibh Henry Shefflin slán go leor imirt in éadan Tiobraid Árainn sa chluiche ceannais. An bhfuil faitíos anois ar Chody? ..
gur imir Katie Taylor peil faoi aois le Bray Emmett’s agus cumann Feargal Óg i mBré Cuilinn. D’imir na dornálaithe eile Darren O’Neill agus Adam Nolan iomáint faoi aois lena gclub dúchais i gCill Chainnigh agus i Loch gCarman. Má bhíonn an cinneadh, an cur chuige agus an scil ag lúthchleasaí i réimse amháin spórt is féidir leis nó léi deánamh go maith i réimse eile, agus is cinnte go dtiocfadh leis na laochra sin dul chun cinn a dheánamh i gcluichí CLG fosta. ..
go bhfuil an t-iarimreoir sacair, iomána agus peile gaelaí Niall Quinn anois ina bhainisteoir ar an dara foireann sinsear de chuid Bhaile Éide (Eadestown) agus gur bhain siad go furast i gcraobhchomórtas Chill Dara. An bhfaighidh sé bibín Kieran McGeeny roimh i bhfad?