TÁ siad ann a deir leat nár chóir baint na páirt bheith ag duine le facebook mar níl ann ach daoine ag cur síos ar an bhéile dheireanach a bhí acu.

Tuigeann siad go bhfuil tábhacht éigin le twitter mar tá sé chomh coitianta sin agus tugann eagraíochtaí agus daoine mór le ráitis fríd twitter a léitear ar chláracha teilifíse agus raidió.
Níl ar youtube ach puisíní ag seinm ar an phianó agus daoine ag titim ar an oighear i mBaile Átha Cliath.

Bhuel, is fíor go bhfuil cuid den fhírinne sna barúlacha thuas ach mothaím go bhfuil an-tairbhe le baint as na meáin shóisialta.

Mar shampla, bhí mé i bhFoirceal i ndeisceart Ard Mhacha Dé Sathairn le cuairt a thabhairt ar uaigh Pheadair Uí Dhoirnín, file mór Gaelach a bhí beo idir 1700-1769 cionn is go bhfaca mé an tOllamh Breandan Ó Buachalla, nach maireann, ar youtube agus é ag caint ar fhilíocht na hAislinge le Antaine Ó Donnghaile de chuid an BBC.

B’as Corcaigh ar ndóigh do Bhreandán ach tháinig sé aneas sna 1950í ach dúirt sé gur mhothaigh sé ar a sháimhín an fad sin óna áit  dhúchais.

Bhí an dís ag caint i Reilig Urnaí, suite ar an teorainn idir Co Ard Mhacha agus Contae Lú, idir Cúige Uladh agus Cúige Laighean, ceantar ar a tugtar Oirghiall ina raibh an léann agus an cultur go láidir.

“Seachas aon áit eile in Éirinn, is dócha, nuair a bhím san áit seo, tuigim go bhfuilim ag baint le traidisiún beo, traidisiún a chuaigh i bhfad i bhfad siar, mar ní amháin gur seo ceantar Uí Dhoirnín, seo é ceantar Táin Bó Cuailgne agus is féidir an traidisiún sin a rianú anuas,” arsa an tOllamh Ó Buachalla.

Chuir sé in iúl go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge anseo i gceantar Shliabh gCuillinn sna 1930í nuair a tháinig sé féin ar an saol agus seo anois é, Gael Mumhan in Oirghialla ag caint ar Ó Doirnín agus na haislingí agus an nasc beo leanúnach idir é féin agus an cultúr Gaelach agus na daoine a chleacht agus a shaibhrigh é 250 éigin bliain ó shin.

Mar sin, ó tharla mé bheith i gContae Ard Mhacha d’Fhéile Phíobaireachta William Kennedy ag baint an-suilt as ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban, idir ársa agus nuachumtha, an lá dar gcionn chinn mé ar an turas a dhéanamh go reilig Urnaí, taobh amuigh d’Foirceal, leis an chaidreamh sin idir Gaeil na haimsire caite agus mé féin a athnuachan ionam féin.
Ag tiomáint ó dheas ó Ard Mhacha, ba léir go raibh mé i gceann de na ceantracha is aille sa tír, Fáinne Shliabh gCuillinn mar a thugtar inniu air.

Sráidbhaile beag álainn atá i bhFoirceal na Cléire lena ainm ceart a thabhairt air, é baiste as Mainistir Proinsiasach a bhíodh i baile fearainn darb ainm An Sián.

Taobh le siopa DayToday, tá cosán ar a thugtar Cosán an Tórraimh, The Funeral Path a shíneann a fhad leis an reilig.
Seo an turas deireanach a thug Ó Doirnín agus é ar a bhealach chun na huaighe i 1769.

Bhí a fhios agam – cé aige nach bhfuil a fhios – gur scríobh Ó Doirnín an  t-amhrán Úr Chnoc Chéin Mhic Cainte ach scríobh sé M’Uilleagán Dubh Ó agus Mná na hÉireann ach is beag eolas atá againn ar a shaol duine de na filí is mó clú i gCúige Uladh agus ar fud na hÉireann.

Ní fios go cinnte cá dtáinig sé ar an tsaol nó cén bhliain féin.

Mar a scríobh Ó Buachalla ina leabhar Peadar Ó Doirnín: Amhráin, níl de chinnteacht againn ach gur éag sé ar an 5u Aibreáin 1769 agus go bhfuil sé curtha i reilig Urnaí.

“Níl sna tuairiscí eile agus san heachtraí eile ar fad a gceanglaítear a ainm leo ach béaloideas agus cumadóireacht, scéil scéal, agus finscéil filíochta”

Ar ndóigh, tá an fhilíocht againn agus is inti a chuireann muid aithne ar an fhile. Fear neamhspleách a theagasc ag scoil scairte a bhí in Ó Doirnín ach fear a raibh an-dúil san ól agus sna maighdeain aige, mar is léir óna chuid véarsaí

Ach domsa, agus mé ag machnamh i Reilig Urnaí ar Pheadar agus a chomhghleacaithe – Art Mac Cumhaigh, Séamas Dall Mac Cuarta agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna – rith sé liom gur fhág siad oidhreacht againn nár cheart dearmad a dhéanamh air agus go bhfuil ceangal ag Gaeil an lae inniu leo, bíodh siad i gcathracha ollmhóra nach dtiocfadh le filí na 18u haoise a shamhail nó amuigh faoin tuath nach n-aithneodh siad ach ar éigin.

Caithfidh mé a rá gur mhothaigh mé, dalta Bhreandáin Uí Bhuachalla, glórtha na nglúnta a chuaigh romham ag caint i dteanga a thuig mé agus mhothaigh mé sásamh éigin ag meabhrú go mbeadh na filí móra Ultacha iontach sásta a chluinstin go raibh daoine toilteanach an Ghaeilge a labhairt agus a chaomhnú agus a chur chun cinn, ainneoin an drochbhail ina bhfuil sí.

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.