Seoladh Féile Bhéal Feirste ag Ollscoil na Ríona de chuid Bhanc Uladh (a leithéid d’ainm!) inné agus, mar is gnách, tá an iliomad ócáid gur fiú freastal uirthi, drámaí, ceol d’achan chineál, cainteanna, na físealaíona, scannáin, damhsa, imeachtaí teaghlaigh agus go leor eile. Ach níl oiread agus imeacht amháin i nGaeilge le sonrú i measc an trí scor seó in 36 ionad fud fad na cathrach.
Nuair a fhiafraím de lucht eagraithe na bhféilte is mó sa chathair cén fáth nach mbíonn imeachtaí Gaeilge a n-eagrú acu, deir siad liom nach mbíonn an caighdeán ard go leor in imeachtaí Gaeilge, bíodh siad ag tagairt don drámaíocht, don cheol nó de cheann ar bith eile de na healaíona. An bhfuil an ceart acu?
Tá aithne agam ar bheirt, daoine a rachadh chuig gach coirm agus gach seisiún traidisiúnta dá raibh ann ach ní fhaca mé le fada iad go dtí ar na mallaibh. Cén fáth? Ar an ábhar go bhfuil coirmeacha agus seisiúin agus féilte d’ardchaighdeán iontach tearc na laethanta seo, a dúirt siad liom. An fíor dóibh?
Cá bhfuil na drámaí d’ardchaighdeán a rachadh i bhfeidhm ar dhaoine taobh amuigh de phobal na Gaeilge? Tá obair mhór á déanamh ag Aisling Ghéar agus iad i ndiaidh Stones in His Pockets a thabhairt go Milwaukee ach an caitheamh aimsire mionlaigh a bheas sa drámaíocht Ghaeilge go deo na ndeor? Cá bhfuil comharbaigh Nuala Ní Dhomhnaill agus Chathail Uí Shearcaigh ó thaobh na filíochta de? An ann d’aos chruthaíochta na Gaeilge ach go bhfuil siad i bhfolach?
Tá a fhios agam gur mhaith le heagraithe chuid de na féilte i mBéal Feirste go mbeadh imeachtaí Gaeilge ar a gcláracha. Dá mbeifeá le seó amháin nó ealaíontóir amháin, nó ceoltóir amháin a mholadh d’fhéile Béarla, seó nó duine a léireodh saibhreas, beocht agus ábharachas chultúr na Gaeilge, cé nó cad é a mholfá?
Ó thaobh na filíochta de, ar a laghad, *tá* comharbaigh Ní Dhomhnaill srl ann – agus faoi bhláth! Níl agat ach an eagrán is déanaí de chuid Duilleoga Éireann, nó an chéad eagrán eile de Chomhar (eagrán na nua-scribhneoireachta, sílim) a léamh le go bhfeicfidh tú. I measc na scribhneoirí tabhachtacha atá againn in Uladh faoi láthair, cad é faoi Mac Lochlainn, Ó Muirí, de Brún, Mac a Bhaird srl? I gcás Mac Lochlainn ach go háirithe, ní thig le éinne a rá nach bhfuil sé ar chomhchéim le file Béarla ar bith atá ag scríobh in Éirinn.