Ealaín don phobal trí phriosma Gaelach
Saothar Liam Mhic Aindréis, Ealaíontóir agus Gael (1913 – 1996) le Liam Andrews
Rugadh m’athair, Liam Mac Aindréis, mac le Sarah Cooke agus Edward Andrews, ar 14 Meán Fómhair 1913. Cé gur thacaigh a sinsir Phreispitéireacha le hÉirí Amach 1798, ba aontachtaithe iad teaghlach a mháthar a raibh cónaí orthu i Sráidbhaile Chluanaí (Springfield) ar imeall chathair Bhéal Feirste.
Bhí an Sráidbhaile, atá leagtha le fada an lá, suite sa cheantar a dtugtar Gleann na Coille anois air. Bhí go leor teannais sa teaghlach toisc Sarah, arbh fhíodóir í, tiontú ina Caitliceach agus í ag siúl amach le Edward, ar tháilliúir Caitliceach ó Bhóthar na bhFál é. Pósadh ina dhiaidh sin iad. Ba é Liam an t-aon duine clainne acu.
Chaith Liam blianta a óige ag a sheantuismitheoirí, d’fhreastail ar Bhunscoil Chluanaí agus tógadh ina Phreispitéireach é. Is luath ina shaol a léirigh sé bua an ealaíontóra. Ba ghnách leis pictiúir a tharraingt le cailc ar leaca na cistine i dteach a sheanmháthar agus é an-óg. Bhí an oiread sin bua aige san ábhar agus é ar scoil gur ghnách leis an mhúinteoir seasamh i leataobh agus a iarraidh ar Liam an rang a stiúradh le haghaidh ceachtanna ealaíne. D’fhág sé an bhunscoil sular bhain sé na ceithre bliana déag amach agus chuaigh a obair ar dtús mar bhuachaill teachtaireachtaí i siopa déiríochta an Maypole sa tSráid Thuaidh Uachtarach agus ina dhiaidh sin mar shaothraí in Oibreacha Bailchríochnúcháin agus Ruaimneoireachta Chluanaí.
Sa bhliain 1934 d’fhág sé Sráidbhaile Chluanaí agus chuaigh a chónaí lena thuismitheoirí i mBotháin Bhruach na Sailí ar dtús agus in 35 Paráid Uíbh Eachach ina dhiaidh sin. D’iompaigh sé ina Chaitliceach timpeall an ama sin.
Chun an easpa meánoideachais a chúiteamh leis féin, chuir sé spéis an-mhór sa léitheoireacht agus é ag taithí leabharlanna poiblí agus ag ransú seilfeanna i siopaí seanleabhar Greer agus Harry Hall i seanmhargadh Smithfield. Is é an t-ealaíontóir Robert Cresswell Boak a raibh stiúideo aige san Ascaill Ríoga, is dócha ba chúis le tús a chur lena oiliúint fhoirmiúil san ealaín. Casadh ar Liam de sheans é sa Maypole agus mhol dó dul chuig Cumann Ealaíon Bhéal Feirste (ar a dtabharfaí Acadamh Ealaíon Uladh ar ball air).
D’fhreastail Liam ar ranganna ealaíne ón bheo a bhí á reáchtáil ag Cumann Ealaíon Bhéal Feirste mar ar bhuail sé le Maurice Wilkes, Pádraic Woods agus ealaíontóirí eile a bhí ag tús a ngairme an tráth sin. Chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ealaíne Bhéal Feirste agus d’fhreastail ar ranganna oíche ann sna mall-1920í agus sna luath-1930í agus obair lae ar siúl ar fad aige.
Is sa Choláiste Ealaíne a chuir sé aithne ar ealaíontóirí eile agus ina measc bhí Frank Mc Kelvey, Willie Conn, William Conor agus Gerry Burns a raibh cuid acu fostaithe mar dhearthóirí póstaer ag Cuideachta Fógraíochta David Allen.
Is é an dúil mhór a bhí ag Liam san ealaín ba chionsiocair leis an spéis a chuir sé sa Ghaeilge. Ní raibh sé ábalta a dhéanamh amach cad chuige nach raibh aon scoil phéintéireachta ar leith dá cuid féin ag Éirinn, agus a fhios aige go raibh traidisiún ealaíne dá cuid féin ag an tír ní ba luaithe sa stair agus é bunaithe ar dhearthóireacht Cheilteach agus ar ealaín mhaisiúil.
I ndiaidh dó tréan machnaimh a dhéanamh faoin cheist is amhlaidh a tháinig sé den tuairim gur fágadh bearna mhór i bhforbairt na healaíne in Éirinn mar gheall ar mheath na Gaeilge agus an chultúir a bhain léi, agus gur dhual an bhearna sin a líonadh. Dá bhrí sin, d’éirigh sé an-díograiseach faoi athbheochan na Gaeilge agus chinn sé go bhfoghlaimeodh sé an teanga .
D’éirigh sé cairdiúil le múinteoir bunscoile darbh ainm Cathal Ó Baoill agus lena bheirt mhac, Seán agus Uinseann, a raibh cónaí orthu i gCéide Uíbh Eachach in aice leis agus is iomaí airneál agus comhrá fada a rinne sé leo. Bhí suim mhór acu sa Ghaeilge agus sa cheol traidisiúnta agus is mar gheall ar a dtionchar a chuaigh sé i dtreo Chonradh na Gaeilge.
Sa bhliain 1938 thosaigh sé a fhreastal ar rang Gaeilge a bhíodh ar siúl gach Domhnach ag Craobh Thír na nÓg san Ardscoil i Sráid Dhubhaise. Lena chois sin, thosaigh sé a ghabháil don amhránaíocht thraidisiúnta, do na damhsaí Gaelacha agus do sheinm an chnaipchairdín. Is ansin a chláraigh sé ina bhall de Chumann Chluain Ard, craobh eile de C honradh na Gaeilge, a raibh foirgneamh an tráth sin acu i Sráid Phort Láirge.
I ndiaidh dó an-dianstaidéar a dhéanamh ar an teanga agus é cuairteanna a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill, d’éirigh le Liam aitheantas a bhaint amach mar chainteoir líofa Gaeilge nuair a ghnóthaigh sé an fáinne óir i scrúdú an Fháinne ar 6 Márta 1942. Bhaineadh sé an-sult as na céilithe san Ardscoil fosta, áit ar bhuail sé le hAnna Marie Nic Mhathúna a bheadh ina bean chéile ar ball aige. Pósadh i Mí Iúil 1943 iad agus is í a bhí ina crann taca aige go dtí deireadh a shaoil. Bhí seachtar clainne acu agus is minic a fheictear a lán acu i ról na gcarachtar sna péintéireachtaí a rinne sé.
Cheal cáilíochtaí foirmiúla, ní raibh i ndán dó mar oibrí i dtús a ré ach sraith jabanna gan ionchas a bheith leo; bhí sé seal ina chúntóir stórais, seal ina mheicneoir neamhcháilithe, ina thiománaí veain agus ina gharraíodóir. Chaith sé seal gairid mar oibrí sibhialtach in aerbhunáit na Meiriceánach i Lóiste Langford i rith bhlianta an chogaidh agus chuir sé gliondar riamh air cuimhneamh siar ar an tréimhse sin. Chaith sé míonna fada gan aon obair rialta a bheith aige agus lena linn sin rinne sé iarracht an dé a choinneáil ann féin agus sa teaghlach as pictiúir a dhíol. Sa bhliain 1955 fuair Liam a chéad phost buan mar léaráideoir teicniúil ag Cuideachta na nDeartháireacha Short agus Harland. Is ansin a d’fhan sé, diomaite de thréimhse gairid, go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1978 .
Feictear an chéad tagairt do Liam mar thaispeántóir sa chatalóg a ghabhann leis an Taispeántas Mór Ealaíne agus Ceardaíochta ar chuid d’Fheis Bhéal Feirste 1944 é. Is é Lindsay Keir, Cathaoirleach CEMA (An Chomhairle um Chur chun Cinn an Cheoil agus na nEalaíon) agus Leas-Seansailéir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a d’oscail an taispeántas i Halla Naomh Muire ar 15 Bealtaine. I measc na dtaispeántóirí eile bhí Pádraic Woods, Frank McKelvey, Maurice Wilks, Gerard Dillon, George Campbell, Colin Middleton, Daniel O’Neill, John Luke, Rosamund Praeger agus Gladys McCabe. Lean Liam de bheith ag caitheamh a dhúthrachta leis an ealaín i rith na 1940í agus na 1950í agus sholáthair lear mór saothar. Baineann a lán de na péintéireachtaí uiscedhatha is úire dá chuid leis an tréimhse sin.
Faoin bhliain 1951 bhí Liam ag eagrú ranganna Gaeilge agus ranganna ealaíne saor ó tháille do dhaoine, ós rud é gur chreid sé nach dtiocfadh fíorealaín náisiúnta chun cinn in Éirinn mura mbeadh ealaíontóirí ábalta Gaeilge a labhairt agus taithí a bheith faighte acu ar stair agus ar bhéaloideas na tíre. Tráthnóna samhraidh nó ag deireadh na seachtaine ba ghnách leis imeacht leis féin, nó in éineacht le mic léinn dá chuid, chun péintéireacht uiscedhatha nó sceitseáil a dhéanamh faoin spéir ar imeall Bhéal Feirste.
Is é an tuairim láidir aige go raibh athbheochan na Gaeilge barrthábhachtach d’fhorbairt na healaíne in Éirinn sa todhchaí a spreag é le páirt a ghlacadh i mbunú Fál, an ciorcal staidéir Gaeilge, agus le seasamh go daingean le ceannairí Chumann Chluain Ard nuair a chinn siad go ndéanfaí ballraíocht an Chumainn a theorannú feasta do dhaoine nach labhródh ach Gaeilge amháin agus nach n-úsáidfí aon Bhéarla feasta in aon ghnó de chuid an Chumainn.
Agus é anois ina chónaí ar Bhóthar Chluanaí agus muirín bheag air féin a bhí ag éirí ní ba líonmhaire, chuir sé spéis ar leith sa lucht taistil a raibh cónaí orthu ar láithreán in aice lena theach féin. Bhí sé an-chairdiúil lena lán acu agus tugadh cead a choise dó timpeall an champa. Thug an t-ealaíontóir James MacIntyre cuairt ar an champa fosta agus tá grianghraf aige de Liam i measc an lucht taistil ina dhírbheathaisnéis Making my Mark (Blackstaff Press Ltd, 2001).
Baineann an chuid is fearr de phéintéireachtaí Liam den lucht taistil leis an am sin. Rinne Seán Ó Baoill teagmháil leis, nó bhí Seán fostaithe in éineacht le Peter Kennedy ag an BBC, chun ábhar a bhailiú le haghaidh cartlann speisialta de cheol traidisiúnta a bhí an BBC i ndiaidh a bhunú. Chuaigh Liam a obair leo i dtionscadal le ceol agus amhráin an lucht taistil a thaifeadadh agus rinneadh stiúideo taifeadóireachta d’uimhir 513 Bóthar Chluanaí roinnt uaireanta sa bhliain 1952. Tá bailiúchán mór d’amhráin ón lucht taistil ag an BBC mar gheall ar na seisiúin sin.
Agus an teaghlach go minic ar saoire i nGlinnte Aontroma bhíodh deiseanna ag Liam cromadh ar radhairc mhara agus chladaigh a phéinteáil. I rith a shaoil bhí dúil mhór riamh aige sna Glinnte. Ní hé amháin gurbh inspioráid iad dá chuid péintéireachta, ach bhí ceangal láidir go fóill acu le cultúr agus béaloideas an tsaoil Ghaelaigh a bhíodh ann.
Tugadh tuilleadh deiseanna do Liam péintéireacht a dhéanamh sna 1960í nuair a chuathas i mbun obair athfhorbartha timpeall Bhéal Feirste. Thosaigh sé a dhéanamh taifead den iomad radharc sráide agus den chineál saoil a bhíodh ag pobal na cathrach sular réabadh as a chéile é an t-am a ndearnadh léirscrios ar na seantithe sraithe de chuid ré na tionsclaíochta agus tithe nua á dtógáil ina n-áit. Faoin tráth sin bhí Liam i ndiaidh stad de bheith ag úsáid leabhar sceitseála an ealaíontóra ach ceamara anois aige chun cuimhne a choinneáil ar radhairc le grianghraif dubh is bhán. Is taifid luachmhara fhísiúla de sheanpharóiste Naomh Peadar iad a lán de na péintéireachtaí a rinne sé den cheantar sin atá anois imithe as aithne ar fad .
Ós rud é go raibh spéis mhór aige in ealaín mhaisiúil na hÉireann, d’fhreastail sé ar roinnt ranganna seodóireachta agus chuaigh aige go leor earraí beaga copair agus earraí cruanta a dhéanamh amhail dealga Teamhrach. D’úsáid sé na scileanna nua sin a d’fhoghlaim sé sna ranganna seodóireachta le modh simplí a cheapadh chun fáinní a dhéanamh den chineál a chaitheann daoine mar shuaitheantas lena chur in iúl go bhfuil Gaeilge líofa acu. Bhí an chuma ar na fáinní a dhéanadh Liam gur as ór a rinneadh, ach níorbh ea, ach as miotal neamhchostasach.
Le linn na dTrioblóidí theith an teaghlach ina ndídeanaithe go Baile Uí Mhurchú, áit ar lean Liam den phéintéireacht. Phéinteáil sé radhairc shráide agus radhairc de shaol gnáthdhaoine agus iad ag iarraidh déileáil le hollteanna polaitíochta agus sóisialta na tréimhse. I gcaitheamh na mblianta sin is iad an tacaíocht óna bhean chéile, Anna Marie, agus an cairdeas a rinne sé leis an Athair Des Wilson a neartaigh Liam agus é gnóthach ag teagasc ealaíne agus Gaeilge i measc mhuintir Bhaile Uí Mhurchú. Na cuairteoirí a thiocfadh chun tí chuige, d’aithneodh siad mar chomhráiteach aigeanta é agus scéalaí breá a raibh dúil sa díospóireacht agus sa ghreann tur aige.
Thosaigh Liam, agus é ag dul anonn in aois, a bhaint triail as teicnící éagsúla ealaíne agus rinne sraith líníochtaí pinn agus leachtdatha de radhairc in Iarthar Bhéal Feirste le haghaidh féilire a foilsíodh sa cheantar. Thosaigh sé a úsáid péint aicrileach de rogha ar olaphéint fosta. D’éag sé ar 6 Feabhra 1996 i ndiaidh tréimhse easláinte.
Ba dhuine ildánach é Liam Mac Aindréis a raibh lámh mhaith aige ar scileanna praiticiúla agus spéis dhochloíte aige san ealaín, sa Ghaeilge, sa chultúr agus san oideachas. Bhí sé riamh lántoilteanach na scileanna agus an spéis sin a roinnt go fial agus go hoscailte le gach aon duine a bhí sásta éisteacht leis. Chreid sé dá mba rud é go dtiocfadh le gnáthdhaoine saothar bunaidh ealaíne a bheith acu sa teach ar phraghas a bheadh ar a n-acmhainn go dtabharfadh sé ardú meanman dóibh. Agus é ag cuimhneamh air sin d’eagraigh sé trí thaispeántais aonair dá chuid saothar. Bhí an chéad cheann, agus an catalóg i nGaeilge amháin, i gCumann Chluain Ard i Mí na Bealtaine 1967; bhí an dara ceann in Ionad Oideachais Pobail an Athar Des Wilson ag 123 Ascaill Chnoc Chluanaí i Mí Eanáir 1973 agus an tríú ceann i Sólann Bhaile Andarsan tamall ina dhiaidh sin .
Is eiseamláir é Liam don té a rachadh i mbun an tsaoil gan mórán deiseanna ach é nó í a bheith oscailte, lán díograise agus réidh chun foghlama. Tá scoth na línitheoireachta agus súil ghéar le haghaidh mion-nithe le sonrú i saothar ealaíne Liam. Ní hionann é agus cuid mhór d’ealaíontóirí a linne nach raibh ar a n-aird acu ach radhairc tíre. Bhain an saothar mór a rinne sé lena lán ábhar de gach cineál agus bhí sé an-mhaith ag léiriú carachtar agus fíoracha daonna. Is é a dúirt an staraí ealaíne Peter Lord go raibh Liam in ann “breith ar an nóiméad” ina chuid saothar.
I dtéarmaí ginearálta, tá taifead ar leith déanta aige ina chuid péintéireachta de radhairc uirbeacha ar an athrú gasta a tháinig ar dhreach Bhéal Feirste agus ar stair shóisialta achrannach na cathrach sa dara leath den fichiú haois.
Is mar a leanas a mhíníonn Liam Mac Aindréis an tuiscint a bhí aige ar an ealaín.
“Is ealaíontóir é an té a phéinteálann rud nach féidir friotal a chur air. Is é an teagasc a ghairm bheatha. Is dual dó daoine a spreagadh, ardmheanma a chothú iontu agus a bhua mar ealaíontóir a thabhairt chun foirfeachta.
Is ionann saothar ealaíne agus teilgean a bheith déanta ar eispéireas mothúchánach. Is in ealaín an phobail is fearr a chuirtear anam an náisiúin in iúl. Chun leibhéal na sibhialtachta a mheas i dtír ar bith is táscaire réasúnta é caighdeán na tuisceana atá ann don ealaín. Ciallaíonn ealaín náisiúnta an léiriú suibiachtúil a dhéantar ar smaointeoireacht náisiúnta.
Is cosúil smaointeoireacht náisiúnta le teanga – tá a dul féin uirthi. Gan an dul sin a bheith ar eolas aige tá an t-ealaíontóir as teagmháil lena phríomhfhoinse inspioráide. Ní féidir leis teagasc ná léirmhíniú a thabhairt; éiríonn a dhearcadh oibiachtúil; níl aige ach súile an turasóra; amhail ceamara, ní dhéanann sé ach a bhfeiceann sé a thaifeadadh.”