Ba chóir go bhfuil aird na nUltach ar Pháirc Mhic Ásmuinn Dé Domhnaigh.  Ach faraor ní fiú níos mó ná fonóta cluiche ceannais Uladh ar chlár na hiomána.

Is mó i bhfad an tsuim ó thuaidh sna cluiche iomána inniu in Inis agus i gCorcaigh agus Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, dar le Séamus Mac Giolla Fhinnéin

 

Iomáint : Inniu, 7pm

An Clár v Áth Cliath (Beo ar TV3)

Corcaigh v Uí bhFáilí

Dé Domhnaigh

3.30pm Cluiche ceannais Uladh : Aontroim v Doire

4pm Cluiche ceannais Laighin : Cill Chainnigh v An Ghaillimh (Beo ar RTÉ)

 

Bhí fíordhrochdheireadh seachtaine ag iomáint Uladh. D’fhág Aontroim Meitheamh ina ndiaidh agus iad ag ligint isteach   8 gcúl in aghaidh Luimní – agus ansin thosaigh An Dún agus Doire mí Iúil le cluiche thar a bheith leamh i bPáirc Mhic Ásmuinn.

Is dócha nach dtig an milleán a chur ar Dhoire sa chluiche sin.  Bhí mé meallta ag An Dún.  Ní raibh freagra ná fuinneamh acu agus caitheadh isteach an tuáille i bhfad roimh dheireadh an chluiche.

Thosaigh Doire go hiontach le seacht gcúilín sular chuir Paul Braniff An Dún ar an chlár i ndiaidh 15 bhomaite.

Bhí Doire díreach go leor – d’fhág siad an sliotar go fada isteach chuig Ruairí Convery agus bhí fathach Bhaile an tSuaitrigh láidir go leor breith air agus an bratach bán a ardú.

Ach cén seans atá ag seanstíl Dhoire in éadán Aontroma?

De ghnáth, ní thabharfainn seans ar bith i ndiaidh a leithéid de thaispeántas – ach cá bhfuil iomáint Aontroma anois?

Tugadh ar ais roinnt mhaith d’iománaithe Loch gCaol ach leag Luimneach iad uilig amach go luath sa chluiche Dé Sathairn.  Tugadh greadadh dóibh, agus caithfidh nach bhfuil mórán muiníne fágtha acu astu féin anois.

Ach sin ráite, tá Aontroim i bhfad níos fearr ná mar a bhí siad seachtain ó shin, agus tá a fhios acu ina gcroí istigh go bhfuil siad níos fearr ná na contaethe eile i gCúige Uladh.  B’fhéidir nach bhfuil siad san áit cheart mar fhoireann ach, duine i ndiaidh duine, is fearr iad ná an lucht Darach.

Chonaic mé rud maith anseo agus ansiúd i nDoire, ach beidh orthu na scóranna luath sin a fuair siad in éadan An Dúin, beidh orthu iad sin a fháil arís le féinamhras a chur i bhfoireann Aontroma.

Rachaidh mé le hAontroim sa chluiche seo agus i gcluiche na mionúr fosta.

Bhí go leor deacrachtaí ag mionúir An Duin le hArd Mhacha seachtain ó shin.  Níl dabht ar bith i m’intinn gur fearr iad ná foirne eile faoi aoise a chonacthas i ndearg agus dubh le roinnt mhaith de bhlianta, agus gur ullmhaíodh go maith iad fosta.  Nár bhain siad sraith Uladh níba luaithe sa bhliain!

Ach fós féin tá laigí san fhoireann agus iad ag brath barraíocht ar lántosaí mór láidir chun cúil a aimsiú.

Bheadh Aontroim níba chothroime mar fhoireann, ach dá bhfaigheadh Myles Nicholson go leor den tsliotar ……

* Faraoir, beidh níos mó Ultach i bPáirc an Chrócaigh ná i bPáirc Mhic Ásmuinn Dé Domhnaigh, déarfainn.  É sin nó sa bhaile ag amharc ar mháistrí na gcamán ag tabhairt amach ceacht eile iomána.

Bhí ar Bhrian Cody go leor athruithe a dheánamh i mbliana de thairbhe leithéid Eddie Brennan ag iarraidh as an imirt nó roinnt mhaith gortuithe, ach tá an mhuintir úr ag seasamh an fhóid go hiontach.

Tá bonn sraithe i gcúl a ndoirn acu – agus ní raiibh Henry Shefflin ann chun cuidiú leo.  Bhí Henry ar ais in éadan Átha Cliath agus, cé gur aimsigh sé deich gcúilín, uilig ó shaorphocanna, agus a 500ú cúilín den chraobhchomórtas ina measc, níor imir sé go maith!

Ach thug Cody cluiche iomlán dó, rud a bhí de dhíth, agus beidh sé i bhfad níos fearr Dé Domhnaigh.

Bhí Gaillimh níos fearr i mbliana, go nuige seo, ná mar a bhí siad blianta eile – ach síltear go bhfuil laigí acu i measc na gcosantóirí.  Ligeadh isteach barraíocht scóranna in éadan na hIarmhí agus Uí bhFáilí.

Tá na tosaithe ag feidhmniú go maith – ach ní cosantóirí Chill Chainnigh a bhí os a gcomhar.

An bhfuil sé rófhurast a rá go mbainfidh na Cait arís eile?  Sílim go dtabharfaidh Gaillimh cluiche maith dóibh, nach mbeidh mórán eatarthu ag an deireadh, ach go mbeidh muid fós ag moladh na gCat, agus taispeántas mór eile ó Henry rua agus Tommy beag!

 

* Tá na cluichí cáilithe ann tráthnóna inniu agus beidh siadsan suimiúil go leor.

Beidh Davy Fitz agus a chuid saighdiúirí réidh ullmhaithe do chuairt Anthony Daly go hInis.

Ní thig a rá go raibh ceachtar den bheirt sásta lena fhoireann sa chluiche deireanach a imríodh.

Thit Áth Cliath go trom roimh Chill Chainnigh – agus síleadh ag dul isteach sa chluiche go raibh seans iontach acu.  Seans anois acu taispeáint nach bhfuil gach rud chomh dona is a chonacthas an lá úd.

D’imir An Clár cluiche maith in éadan Phort Láirge, an fhoireann a raibh Davy i gceannas orthu anuraidh.

An deacracht is mó a bhí ag Davy ná gur imir An Clár i Roinn 1B den tsraith ag leibhéal níos ísle ná Port Láirge ná Áth Cliath agus tháinig an gné sin amach sna 10 mbomaite deireanacha.

Caithfidh Áth Cliath baint nó is cinnte go n-imeoidh Daly agus go mbeidh ar an duine úr roinnt blianta atógála a dheánamh.

Gríosóidh sé sin chun bua iad.

Ba iad Áth Cliath an scéal mór anuraidh, agus is iad Corcaigh faoi JBM scéal iomána na bliana 2012.

Bhain siad cluiche ceannais na sraithe amach – cé gur ghread Cill Chainnigh iad sa chluiche sin.  Agus throid siad go maith in éadan Thiobraid Árainn.

Tá siad sa bhaile in éadan Uí bhFáilí agus is buntáiste é sin fosta ag foireann atá óg go leor gan taithí.

Tá taithí ag Uí bhFáilí, ach tá siad teoranta fosta agus, mar a luaigh mé i gcomhthéasc An Chláir, d’imir siad i Roinn 1B i rith an earraigh.

Osclóidh Uí bhFáilí laigí ar bith atá acu, ach má imríonn Corcaigh mar a d’imir siad in éadan Thiobraid Árainn bainfidh siad.

 

Cluichí Peile :

Dé Domhnaigh

2pm Cluiche ceannais na Mumhan : Corcaigh v An Clár (Beo ar TV3)

Thig leis an chluiche seo bheith aontaobhach go leor.

Bhí an t-am ann (ní raibh sé i bhfad ó shin) nuair a thug Luimneach nó Tiobraid Árainn nó An Clár cluiche maith don bheirt mhór i gCúige na Mumhan.

Ach bíonn Corcaigh agus Ciarraí sa tóir ar Sam anois, agus is láidre ar fad iad ná freasúra ar bith a thig ón taobh eile.

D’imir An Clár i Roinn 4 den tsraith.  Bhain Corcaigh Roinn 1.  Tá go leor ráite agam.

 

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.