Baineadh geit asam. Tá cuid de mo theaghlach báite sa náisiúnachas ó rinne mo mháthair mhór teachtaireachtaí do James Connolly le linn dó bheith i mBéal Feirste idir 1910 agus 1914. Bhí muid inár gcónaí in iarthar Caitliceach Bhéal Feirste leis na cianta ach de réir daonáireamh 1911, atá ar fáil ag www.census.nationalarchives.ie baill de chuid Eaglais na hÉireann a bhí sna McMillens!
B’éigean an scéal a phlé le gaolta i Sasana agus leis an chuid ba shine de chairde na clainne, agus ón iniúchadh sin a tháinig scéalta fán teaghlach nach raibh ach ag beirt nó triúir. Mar shampla, bhíodh sin-seanathair de mo chuid ina mháistir ar lóiste den Ord Oráisteach i nDún Éidinn sna 1880í. Bhí máthair m’athar mhóir ina lady-in-waiting de chuid an Bhanríon Victoria. Bhí sé thar a bheith corraitheach theacht ar an eolas – nó ar na finscéalta, b’fhéidir – sin.
Ag dul fríd an daonáireamh, tháinig mé ar mo mháthair mhór, Clara Delaney, sa teach inar thóg sí a clann féin ach i 1911, bhí sí 14 bliana d’aois, í ina “mill worker” agus í ina conaí lena tuismitheoirí tráth a raibh Connolly ag eagrú sóisialaigh Bhéal Feirste.
(Ainneoin go raibh Connolly ag obair i mBéal Feirste, ar lá an daonáirimh, 2ú Aibreán 1911, bhí sé i 70, Lotts Road South lena bhean Lillie, a iníonacha agus a mhac.)
Bhí mo bhean chéile an-tógtha le fáil amach go raibh stáblaí agus searbhóntaí ag a sinsir siúd. Agus mo chara Iodálach atá 92 bliain d’aois, bhí deora ina shúile agus é ag breathnú ar na Fortes agus na Fuscos agus na hAngelones ó thus an chéid seo caite, daoine a shiúil trasna na hAlpaí ón Iodáil isteach sa Fhrainc agus uaidh sin go Sasana agus ar aghaidh go hÉirinn le caifelanna agus siopaí uachtar reoite a reáchtáil.
Sin, b’fhéidir, an ghné iontach daonna a bhaineann le digitiú agus foilsiú daonáireamh 1911 ar an idirlíon, go dtugann sé clanna agus gaolta cóngarach dá chéile, ag athchruthú dáimh a bhí caillte le fada, b’fhéidir.
Tá tuairisceáin daonáirimh na hÉireann á gcoimhéad ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann agus i mbliana foilsíodh na tuairisceáin do 1911 do cheithre chontae – Baile Átha Cliath, Aontroim, An Dún agus Ciarraí – ar an idirlíon.
(Foilseofar an chuid eile de na contaetha ar-líne diaidh ar ndiaidh, Corcaigh agus Gaillimh fá mhí Meithimh na bliana seo.)
Ar na tuairisceáin, tá ainm, aois, gnéas, nasc leis an cheann teaghlaigh, creideamh, stádas pósta, agus an contae nó an tír inar rugadh gach ball den teaghlach.
Léirítear cé acu tá léamh nó/agus scríobh ag na daoine agus cé acu tá Gaeilge acu nó nach bhfuil. I 1911 fosta, b’éigean do na mná pósta scríobh síos cá fhad a raibh siad pósta, líon na bpáistí a rugadh beo agus an líon acu a bhí beo fós.
Chomh maith, tá cur síos ar na tithe a raibh daoine beo iontu – líon na bhfuinneog, líon na seomraí etc. – fíricí a thugann spléachadh dúinn ar shaol laethúil ár sinsir. Ach ní tithe amháin atá san áireamh – rinneadh cuntas ar dhaoine ar bhadaí, i dtíthe oibre, in otharlanna, ar choláiste nó scoileanna cónaithe, i mbeairicí, in institiúidí do “Idiots and Lunatics” agus i bpríosún.
Curtha le chéile, tá pictiúr glinn againn den aimsir anallód.
Leis an éacht seo a chuir i gcrích, chuaigh Cartlann Náisiúnta na hÉireann i bpairtneireacht le Library and Archives Canada, eagraíocht atá ar thús cadhnaíochta maidir le digitiú páipéar stáit.
Chuir CNÉ na mícreascannáin ar a bhfuil na tuairisceáin go Ceanada agus rinne LAC an obair mhaslach, na tuairisceáin a dhigitiú agus córas cuardaigh a dhearú.
D’éirigh thar barr leo. Tá an suíomh thar a bheith simplí a úsáid.
Is féidir ainm duine a chur isteach agus aimseoidh sé gach duine den ainm sin ingach contae nó sa chontae a roghnaíonn tú. Ansin, is féidir cliceáil ar an Household Return (Form A) agus feicfidh tú an fhoirm díreach mar a líon d’athair mór nó do shin-sheanathair isteach é.
Nó thig leat ainm sráide nó baile fearainn a chur isteach agus gheobhaidh tú amach cé uilig a bhí ina gcónaí sa cheantar sin, bíodh sé chomh mór le Sackville Street (tugadh Sráid Uí Chonaill uirthi don chéad uair i 1924) nó chomh beag le Cathair Saidhbhín.
Tá tábhacht leis an áis ar ndóigh, do lucht ginealaigh, do staraithe áitiúla, agus do scoláirí éagsúla.
Cuirfidh an 70 mílliún duine ar de shliocht na hÉireann iad, meastar, daoine a bhfuil suim ina bhfréamhacha ar ais ar an sean-fhód.
Is seoid é an suíomh ar chúiseanna éagsúla.
De réir an daonáirimh, bhí 4,390,219 duine ina gcónaí in Éirinn i 1911, 2,192,048 acu fireann agus 2,198,171 acu baineann.
Bhí 304,802 duine ina gcónaí i gContae Áth Cliath, 386,947 i mBéal Feirste agus 76,673 i gCorcaigh.
Bhíodh teaghlaigh mór san aimsir réamh-fhrithghiniúint seo ach bheadh siad níba mhó ach go bé go bhfuair an oiread sin páiste bás. Tá an tragóid le feiceáil i dtuairisceán i ndiaidh tuairisceáin, clanna a chaill páiste nó páistí mar gheall ar cheann de na galair a bhí coitainta ag tús an chéid seo caite i gceann de na tíortha ba bhoichte san Eoraip, Éire.
Ach tá éacht eile déanta ag an Chartlann Náisiúnta anuas ar na figiúirí seo a bhailiú agus a chur ar fáil.
Bhí sé tábhachtach dar leo, go mbeadh míniú ar chomhthéacs na bhfigiúirí loma ar fáil do dhaltaí scoile ach go háirithe nuair atá na bun fhoinsí an-tábhachtach do dhaltaí dara leibhéil.
Tá cur sios ar thriúr de na ceithre contae atá foilsithe ina bhfuil eolas suimiúil don dalta agus don duine fásta.
What was Dublin like in 1911 is teideal don alt ar phríomhchathair na hÉireann a bhí mar chathair mhór de chuid Impireacht na Breataine ag an am, deighilt iontach idir na haicmí agus idir chultúir éagsúla na cathrach.
De réir an ailt, bhí Baile Átha Cliath i gcroí na himpireachta i 1911 agus Ard-Leifteanant i réim i gcaisleán Bhaile Átha Cliath ach bhí an chathair ag athrú agus tháinig sé chun cinn le linn an Frithdhúnadh Mór i 1913. Bhí fonn troda ar an aicme oibre agus iad eagraithe ag Connolly agus ag Jim Larkin. Ní nach ionadh. Bhí na mílte ina gcónaí in árasáin, clann nó cúpla clann san aon seomra amháin, an bás mar chompánach buan i slámanna a bhí ní ba mheasa na trinsí an Chead Chogaidh Domhanda dar le scríbhneoir amháin. Tháinig Éirí Amach na Cásca i 1916 ansin Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Mura raibh siad ag troid sa bhaile, b’iomaí Dub a liostáil in Arm na Breataine le dul i ndeabhaidh “cearta na náisiún beaga” i dtrinsí Gallipoli, Flanders agus an Somme.
Nó chuaigh siad go Meiriceá le obair a chuartú cionn is nach raibh jabanna ar fáil in Éirinn.
Sin ráite, bhí cumhacht an mheánaicme Caitliceach ag fás sa tír ag tús an chéid seo caite, aicme a bhí sásta nósanna na Sasanach a leanstan. Ag an céanna, áfach, bhí Pádraig Mac Piarais ag iarraidh an chultúr Gaelach a chur chun cinn fríd an chóras oideachais – agus an réabhlóid!
(Tá tuairisceán an Phiarsaigh le feiceáil sa daonáireamh, é ina chónaí ag uimhír a 20.2, Haroldsgrange. Sa teach, tá a mháthair Margaret, a dheirfiúr Margaret, a dheartháir Willie, col ceathair darb ainm Maighréad Ní Bhradaigh agus fear eile a raibh Úilfrid Mac Lochlainn air.)
Meabhraíonn an t-alt dúinn go raibh WB Yeats agus James Joyce ina chónaí sa chathair chéanna (bhí Joyce i dTrieste la an chomháirimh) agus go raibh Sean O’Casey agus Lady Gregory agus Amharclann na Mainistreach ar obair.
Bhí Baile Átha Cliathach eile ann a d’athraigh stair pholaitiúil na hÉireann, Sir William Carson.
(Maíonn mo chara Iodálach gur de shliocht na hIodáile é Carson agus gur Carsoni a bhíodh air!
Sa chathair cois Lagáin, mura raibh an gnáth-Éireannach ag smaoineamh ar neamhspleáchas a bhaint amach, ní raibh aonduine ó thuaidh ag meabhrú ar stát Sé Chontae ach oiread.
Bhí tionsclaíocht i mBéal Feirste nach raibh i mBaile Átha Cliath. Leoga i 1911 bhí siad ag críochnú ceann de na soithigh ba chlúití i stair an domhain – Titanic. Ainneoin go ndeachaigh sí go tonn poill, mar a deir muintir na longlainne, bhí an long foirfe nuair a d’fhág sí Beal Feirste!
Bhí an seicteachas faoi lán seoil ar ndóigh an tráth seo agus Home Rule i mBéal achan duine.
Ag amharc ar an daonáireamh, áfach, ní raibh tíreolaíocht sheicteach na cathrach mar atá anois, agus bhí ceantracha meascaithe níos mó ná mar a bheifeá ag súil leis. Bhí tithe pobail Protastúnacha ar Bhóthar na bhFál mar shampla agus dhá shráid ar Bhóthar na Seanchille baiste as sagairt Chaitliceacha!
Maidir le Ciarraí, mairfidh áilleacht mhaorga an chontae go buan ach céad bliain ó shin, bhí bochtaineacht uafásach ann, go háirithe ar na cóstaí. Ón Ghorta Mhór go 1911, chaill an contae tuairim’s ar 130,000 duine.
Seo an saol a raibh aithne ag Peig Sayers air agus tá míonsonraí Pheig – nó Margaret Guiheen – agus a gaolta le feiceáil sa daonáireamh.
Agus tá pictiúir ghleoite ar an suíomh chom maith – Castle Street i dTrá Lí, an Puck Fair, agus foireann Chiarraí a bhain Craobh na hÉireann i 1903. (No, ní raibh Jacko ag imirt ag an am!)
Is áis iontach é daonáireamh 1911 agus tá gach moladh tuillte ag muintir Chartlann Náisiúnta na hÉireann agus Library and Archives Canada as togra chomh mór sin a dhéanamh sa dóigh is go bhfuil sé an-simplí ag an ghnáthdhuine feidhm agus tairbhe a bhaint as – agus tá sé saor in aisce!
Tá na haicmí uilig ann, naisiúntóirí Chiarraí agus dílseoirí Bhóthar na Seanchille; seandaoine a mbeadh cuimhne acu ar an Ghorta Mhór; daoine mire i ngealtlanna, searbhóntaí agus an uasaicme; Dubhghlas de hIde agus Sir Edward Carson. Daoine aitheanta agus “the plain people of Ireland.”
Mo shinsir agus do shinsir-sa. Cuireadh iontas ormsa. Cá mhéad iontas eile atá i ndaonáireamh 1911?