Tá clár ag dul amach ar BBC2 anocht (Dé Luain, 23 Márta) ar a 10in agus sílim gur fiú go mór amharc air.
Is é an dara clár sa tsraith An Coláiste Éireannach agus san eagrán seo, cuireann an Dr Art Hughes síos ar an Choláiste i Leuven nó Louvain nó Lobháin sa Bheilg.
Is clár thar a bheith suimiúil é a chuireann síos ar:
mar a bunaíodh an Coláiste in 1607 do na Gaeil amháin (agus ní do na SeanSasanaigh nó The Old English mar a tugadh orthu);
mar a bhí Leuven mar lárionad athbheochan na Gaeilge sa 16ú agus 17ú céad;
mar a bhí Leuven mar chuid den Fhrith-Reifeirméisean agus cogadh cultúrtha na linne sin;
gurbh é Leuven “an chead institiúid taighde Ghaeilge” riamh;
gur thionscain siad “An Tionscadal Mór” le cur síos ar fhéiniúlacht Éireannach agus an féiniúlacht sin a chur chun cinn;
bhí na Gaeil chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta na linne;
Scríobh Giolla Brighde Ó hEodhasa an chead saothar Gaeilge
Caitliceach, (1611);
An cló Gaelach a bhfuil aithne againn air inniu, bunaíodh é ar pheannaireacht Giolla Brighde Ó hEodhasa.
D’fhoilsigh Aodh Mac AIngil as Contae an Dúin ó dhúchas saothar creidimh chomh maith
An leabhar clúiteach staire, Annála Ríoghachta Éireann nó Annála na gCeithre Máistrí, tosaíodh i Leuven é, áit a raibh Michael Ó Cléirigh ag staidéar.
Stair na hÉireann scríofa ag Gael – rud is annamh!
Tá cuid mhór rudaí suimiúla eile sa chlár seo.
An fáth go bhfuil mé á scríobh seo ná gur féidir turasanna treoraithe a fhail go Leuven má tá suim agat sa stair, sa Ghaeilge, sa chreideamh, sa taisteal, sa léinn, i dteangacha agus ar an iliomad cúiseanna eile.
Má tá baint agat le cúrsaí teanga, bheadh sé suimiúil foghlaim faoin phobal beag Gearmáinise sa Bheilg.
Tá a fhios againn go bhfuil an tír scoilte idir lucht labhartha na Fraincise agus lucht labhartha na hOllainnise ach tá ag éirí go breá le lucht labhartha na Gearmáinise cearta a bhaint amach do theanga s’acu. Ceachtanna do na Gaeil?
400 bliain i ndiaidh bhunú an Choláiste Éireannaí , tá na Gaeil fós i lár shaol na hEorpa – ach an bhfuil an Ghaeilge a chaomhnaigh na fir chróga, chliste sin sa chianaimsir faoi bhagairt ag cinní Rialtas na hÉireann?
Anuas air na gnéithe tromchúiseacha seo, is cathair álainn í Leuven. Níl sé ach 15 míle thoir-thuaidh den Bhruiséil – áit ar féidir cuairt a thabhairt uirthi – agus tá sé lán foirgneamh galánta, iarsmalanna agus dánlanna, bialanna breátha agus ní gan fáth go bhfuil clú agus cáil ar an Bheilg as feabhas a bheorach. Déantar Stella Artois in Leuven!
Má tá suim agat nó ag do ghrúpa/eagraíocht cuairt a thabhairt ar Choláiste na nGael i Leuven, mar ghrúpa nó mar dhaoine aonair, nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag robert@robertmcmillen.ie nó robert@comhramedia.com
Aontaím leat gut fiú cuairt a thabhairt ar
Choláiste na nGael sa Liobháin/ Leuven/ Louvain. Chaith mé seachtain ann i Mí
Deireadh Fómhair, 2007 (comóradh 400 bl. bunú an choláiste) le Cumann Staire
Chnoc Liamhna (Knocklyon Hist. Soc., Dublin).
Is cathair an-inspéise í Leuven, agus nuair a bhíomar ann, tógadh ar
turas muid go dtí ionad chuimhneacháin na nGael a throid ar son na Fraince ag
Cath Lafelt, gar do Maastricht, 2 Iúil 1747 (The War of the Austrian
Succession). An lá roimh dul isteach sa chath dóibh, bhí ‘na leads’ ag imirt
iománaíochta! Cailleadh beagnach 800 díobhtha sa chath.
Tá sé sin thar a bheith suimiúil – agus brónach – a Aidan.
D’iarr an Leuven Institute for Ireland in Europe orm fáil amach an mbeadh suim ag daoine nó ag grúpaí Gaeilge/staire cúpla lá a chaitheamh i Leuven. Molfaidh mé go rachadh daoine go Lafelt chomh maith. Go raibh míle maith agat.