Chuir sé iontas orm an méid suilt is a bhain mé as coirm cheoil Choir Chuil Aodha oíche Shathairn seo caite.
Chuala mé roimhe iad ar an teilifís agus, ainneoin an traidisiún saibhir ceoil as ar easair siad agus clú agus cumas an fhir a ghin an cór (go meafarach!), Seán Ó Riada, agus tuigse an mhic a lean é, Peadar, ní dheaichaigh siad i bhfeidhm orm.
Sin ráite, bhí a fhios agam gur chóir dom iad a fheiceáil agus iad i mbun coirme. Mar sin, nuair a d’fhógair Temple Bar Tradfest go mbeadh an Cór ag ceol na linn na féile i Halla na Cathrach, ceann de na foirgnimh is stairiúla (chan ionann sin agus “is clúití”, mar ba bheag Dub ar chuir mé ceist orthu a raibh a fhios acu cá raibh sé!). d’fhreastail mé an t-áiméar agus chuaigh mé ann.
Ní gá a rá go raibh an halla galánta, atrium thar a bheith ard, clog ollmhór (sé throigh is dócha) os cionn na n-amhránaithe agus dhá dhealbh ar gach taobh dóibh.
Ach ní raibh sé gan locht. Bhí sé fuar ag an chúl agus bhí olagán otharchairr chomh hard leis an amhránaíocht ag pointe amháin
Anuas ar sin, bhí díoscáin ag teacht ó go leor de na suíocháin ach fuair an ceol an bua ar na fadhbanna sin uilig.
Thosaigh an cór le roinnt amhrán diaga – Ag Críost an Síol an ceann is mó a thaitin liom – sular thosaigh siad ar amhráin spioradálta, amhráin a bhí “leath bealaigh idir na hamhráin diaga agus na hamhráin tuata,” dar le Peadar.
Thaitin fearúlacht gharbh na nguthanna go mór liom. Mheabhraigh mé ar na manaigh a thaistil ar fud na hEorpa níos mó ná 1,000 bliain ó shin agus go mbeadh siad ag ceol amhrán mar seo.
Ní raibh na hamhráin chomh sean sin, ar ndóigh ach dúirt siad amhrán a chum St John of the Cross sa 16ú céad, mar shampla.
Sa dara leath, chuala muid amhráin na daoine agus amhráin mhuintir Chúil Aodha – Poc ar Buile, Bímis ag Ól agus mar clabhsúr, leagan spreagúil, fuinniúil de Mo Ghile Mear.
Le linn na coirme, dúirt Peadar nach Ceiltigh muid na hÉireannaigh ach meascán mearaigh de chiníocha ó na Tuatha De Danann ar aghaidh – Normannaigh, Albanaigh, Sasanaigh – agus gur cheart dúinn si a cheiliúradh
Agus sin mar a bhí an choirm, ceiliúradh ar na gnéithe is dúchasaí dár gcuid, ón chreideamh go dtí an grá agus ón dúlra go dtí an t-ol, mar atá siad léirithe inár stór amhrán, idir logánta agus uilíoch.