Na healaíona Gaeilge

Seoladh Féile Bhéal Feirste ag Ollscoil na Ríona de chuid Bhanc Uladh (a leithéid d’ainm!) inné agus, mar is gnách, tá an iliomad ócáid gur fiú freastal uirthi, drámaí, ceol d’achan chineál, cainteanna, na físealaíona, scannáin, damhsa, imeachtaí teaghlaigh agus go leor eile. Ach níl oiread agus imeacht amháin i nGaeilge le sonrú i measc …

Aontas idir-Aontachtach

Lá breá samhraidh, an ghrian ag briseadh na gcloch, cailíní óga ina ngúnaí éadroma ildaite amuigh ag coisíocht faoin aer the. Tá bean amháin amuigh ag baint suilt as an teas agus í ag siopadóireacht ar Bhóthar na Seanchille ach aistrítear as an saol sona achan lá í go dtí an t-uafás. Taobh istigh de …

Daonáireamh 1911

Baineadh geit asam. Tá cuid de mo theaghlach báite sa náisiúnachas ó rinne mo mháthair mhór teachtaireachtaí do James Connolly le linn dó bheith i mBéal Feirste idir 1910 agus 1914. Bhí muid inár gcónaí in iarthar Caitliceach Bhéal Feirste leis na cianta ach de réir daonáireamh 1911, atá ar fáil ag www.census.nationalarchives.ie baill de …

Sunny Jacobs: bean a tháinig slán

Ó shraith an bháis go dtí an t-athbhreith i gConamara “Is deas liom bheith anseo,” a deir Sunny Jacobs liom. “Ar ndóigh, is deas liom bheith áit ar bith na laethanta seo.” Is greann atá i gceist ach tá uafás dochreidte taobh thiar den ghreann. Chaith Sunny 17 mbliana i bpríosún – 5 bliana acu …

Agallamh le Edna O’Brien

Foilsíodh an t-alt seo i bhFoinse i mí na Samhna, 2007. Tamall ó shin, scríobh Anne Enright léirmheas ar an leabhar is déanaí ó Edna O’Brien, The Light of Evening. Scríobh Enright  gurbh í Edna O’Brien an chéad bhean Éireannach riamh a raibh gnéas aici – roimhe sin, ní raibh ag mná na hÉireann ach páistí. Inniu is doiligh …