Cuireadh sibh lá ar leataobh sa dialann don chéad chruinniú d’Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge.
Beidh an teacht le chéile ar siúl in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, Dé Sathairn 17 Eanáir 2015, idir 10.30rn-3.30in le plean oibre a leagan amach, coiste stiúrtha a thoghadh agus bonn ceart a chur faoin eagraíocht, rátaí ballraíochta san áireamh.
Beidh cuireadh á thabhairt ag an rúnaí sealadach, Cathal Póirtéir, ar roinnt daoine cainteanna gairide a thabhairt ar maidin ar ghnéithe éagsúla den timpeallacht oibre atá ag scríbhneoirí Gaeilge a chuirfidh le plé i ngrúpai oibre ina dhiaidh sin.
Bheadh súil agam go mbeadh moltaí ag teacht ó na grúpaí sin roimh dheireadh an lae a chuirfeadh ar ár gcumas spriocanna agus straitéis a leagan amach a chuirfeadh feabhas ar fhorbairt na scríbhneoireachta Gaeilge agus ar stádas na scríbhneoirí trí chéile.
Má tá moltaí ar leith agaibh faoi chainteoirí agus ábhar a ba chóir a bheith san áireamh, cuir chuig Cathal iad go luath le bhur dtoil agus seolfaidh sé clár an lae amach nuair atá sin réidh.
Idir an dá linn, cuireann sé fáilte roimh smaointe cruthaitheacha agus moltaí dearfacha.
“Déanaigí bhur machnamh. Tomaigí i bhur samhlaíocht agus cuirigí comhairleacha i gceann a chéile,” ar sé.
Scaip an scéal faoin theacht le chéile ar scríbhneoirí nach bhfuil ar an liosta go fóill agus iarr orthu rphost a chur chugam nó bealach éigin le heolas a scaipeadh orthu.