Lá breá samhraidh, an ghrian ag briseadh na gcloch, cailíní óga ina ngúnaí éadroma ildaite amuigh ag coisíocht faoin aer the.
Tá bean amháin amuigh ag baint suilt as an teas agus í ag siopadóireacht ar Bhóthar na Seanchille ach aistrítear as an saol sona achan lá í go dtí an t-uafás. Taobh istigh de leathbhomaite, tá spreachall fola uirthi, fuil an fhir atá ina luí ar an bhóthar, agus beirt fhear ag scaoileadh piléar isteach ina chloigeann. Ainneoin gur impigh sí ar an bheirt stopadh, chuir siad tuilleadh piléar isteach san fhear agus é ina luí ar an talamh. B’iomaí duine, idir mhná agus phaistí, a bhí trámaithe ag an eachtra.
Ball d’fho-ghrúpa de chuid an UVF, The Red Hand Commandos – a raibh bá ag cuid dá bhaill leis an Ghaeilge – a bhí in Bobby Moffett, iar-phríosúnach dílseach.
Is cosúil gur thit Moffett amach le baill shinsearacha den UVF i ndiaidh dá dheirfiúr bheith ruaigthe óna teach cónaithe ag an eagraíocht pharaimíleatacha
Ainneoin gur uafás atá i ndúnmharú ar bith, tá iarmairtí polaitiúla ag baint leis an cheann seo.
Níl sé ach ocht mí ó dhearbhaigh an Coimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta um Dhíchoimisiúnú (IICD) go raibh airm an UVF díchoimisiúnaithe. “The international decommissioning body has confirmed that the UVF has completely decommissioned its weapons,” dúirt na meáin linn.
Anois, más fíor na líomhaintí, ba é an UVF a mharaigh Bobby Moffett ar an 31 Bealtaine, rud a chiallódh mar dhíchoimisiúnaigh siad a gcuid airm uilig.
Tháinig deireadh leis an reachtaíocht a bhain leis an díchoimisiúnú i mi Feabhra na bliana seo mar sin, más fíor go bhfuil airm i seilbh an UVF déanfaidh sé ceap magaidh den phróiseas malltriallach ar fad ó bunaíodh an IICD i 1997. Tá sos cogaidh an UVF faoi scrúdú anois ach is beag a dhéanfar.
Ní chreidtear gur thug ceann ar bith de na grúpaí paraimíleatacha gach dá raibh acu agus an tá an chontúirt ann go dtosófar ar iad a úsáid diaidh ar ndiaidh.
D’áitigh an Coimisiún Neamhspleách Monatóireachta (IMC) go bhfuil bagairt na n-easaontóirí Poblachtanacha “significant and severe.”
Thuairiscigh an IMC gur chreid siad nach raibh an UDA gníomhach in eachtra sceimhlitheoireachta agus moladh iad as an cheannaireacht a bhí a léiriú ina measc agus an bhagairt ó phoblachtanaigh ag méadú. Sin ráite, bhí an IMC den bharúil gur choinnigh an dá ghrúpa airm agus tá a fhos ag an saol mór go raibh siad páirteach sna hionsaithe ar imircigh Roma anuraidh.
Is doiligh oibriú amach cén leas atá leis an hairm dílseachta seo. Ó thaobh ghunnaí agus ábhar pléascáin an CIRA agus an RIRA, tá straitéis éigin ag baint lena n-úsáid. Tá an straitéis sin bómánta, mídhaonna, agus tá an teip i ndán do mar a bhí feachtas an IRA ó 1956-1962 a theip air mar nach raibh tacaíocht an phobail aige. Tá sé mar a gcéanna le feachtas úr seo chomharbaigh IRA an ama sin ach ní fhios cá mhéad duine a gheobhaidh bás dá dheasca.
Maidir le gunnaí na ngrúpaí dílseachta, níl aonduine ag maíomh gur gléasanna iad le stádas éigin polaitíochta a chaomhnú ach gur minice a bhainfear úsáid astu le coimhlintí suaracha mífheidhmiúila
Agus lena linn ..
Bhí mé ag amharc ar an teilifís ag tús na míosa seo, ar chlár darbh ainm Life Matters ina ndearna Gerry Robinson iniúchadh ar obair Iontaobhas Bhéal Feirste nó the Belfast Health and Social Care Trust mar is fearr aithne air.
Léirigh Robinson an dóigh a bhfuiltear ag déileáil le páistí atá faoi chúram. Bhí scéal Abi, déagóir a tháinig ar an saol cionn is gur éigníodh a máthair, truamhéalach. Bhí sí in ionad cúraim a fhad is a bhí an mháthair ag fáil cóir leighis do mhí-úsáid drugaí. Cailín bríomhar ach goilliúnach a bhí in Abi agus bhí cuma bhriste uirthi ainneoin an gealgháire agus í ag fanacht le teaghlach altramais teacht fána choinne.
Dúirt ceannaire seirbhísí páistí an Iontaobhais go raibh cúrsaí altramais “tríú domhanda” ó thuaidh.
Léirigh Robinson fosta Muckamore Abbey, ospidéal ina bhfuil, dar leis na húdaráis, 160 duine nár chóir a bheith ansin ach tá sé thar a bheith deacair “áiteanna sa phobal” a fháil d’othair Muckamore. Tá daoine lonnaithe ansin ar feadh 25 bliana nó níos faide agus níor fhág ach beirt anuraidh. Tá riachtanais chasta ag na háitritheoirí agus is annamh a bhíonn an saol taobh amuigh ábalta déileáil leo. Tchi Dia an tionchar a bheas ag na ciorraithe atá ag teacht ar mhuintir éadóchasach Muckamore.
Clár thar a bheith cumhachtach a bhí in Life Matters agus beidh muid ag cur muinín inar bpolaiteoirí áitiúla seirbhís éifeachtach sláinte a riarfaidh ar dhaoine in áit a bheith ag riar ar chuntasóirí a bheith mar thosaíocht acu.
Ach.
Sular thosaigh Life Matters, taispeánadh réamhbhlaiseadh de chlár a bheadh ar an teilifís an oíche dar gcionn. Bheadh Spotlight ag plé “Aontas Aontachtach” agus sa réamhbhlaiseach, chuala muid Jeffrey Donaldson ag caint ar oidhreacht a shinsir agus David McNarry ag rá nach dtiocfadh leis cur suas le Martin McGuinness mar Chéad Aire.
An tAontas. An pobal Aontachtach. Sinn Fein a choinneáil in áit na leathphingine. Sin an chloch is mó ar phaidrín an DUP agus an UUP/UCUNF nó cibé ainm atá orthu inniu.
Ní nach ionadh go gcreideann Robinson gur bac atá i bpolaiteoirí áitiúla d’fheabhsú an chórais shláinte ó thuaidh.