Inniu, le linn do Ghaeil na tíre bheith ag rómánsaíocht do lá na Féile Vailintín lena muirníní ionmhaine, beidh grúpa Gaeilgeoirí ó Ard Mhacha ag díriú a n-airde ar ar fhís eile thar a bheith rómánsúil.

Ar an 14ú Feabhra, tabharfaidh scór acu aghaidh ar gharráin ólóg Ghleann Jarama cóngarach do Madrid le ómós a thabhairt d’fhir agud do mhná na mBriogáid Idirnáisúnta a throid sa Spáinn le linn Chath Jarama i 1937.

Beidh an grúpa ag taisteal mar chuid de Chumann Cairde Charlie Donnelly/The Friends of Charlie Donnelly Society, cumann atá baiste as an fhile shóisialach (sa phictiúr) a tháinig ar an saol i nDún Geannainn agus a thit sa ghleo i mí Feabhra 1937 agus a bhfuil séadchomharthaí cuimhneacháin ina ónóir i gCoill a’ Brocaigh i gContae Thír Eoghain, i nDún Geannainn agus in Rivas-VaciaMadrid ar imeall phrímomhchathair na Spáinne.

Buailfidh toscaireacht Ard Mhcha le grúpaí eile ón chuid eile d’Éirinn agus ó gach cearn eile den domhan, grúpai a bhailíonn i Madrid gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar íobairtí na mBriogáidí Idirnáisúnta.

75 bliain ó shin, bhí an Fronta Pobail tofa ar bhonn daonlathach mar rialtas ar Phoblacht na Spáinne agus dhá bhagairt rompu – éirí amach faisisteach faoi stiúir an Ghinearáil Franco agus an tacaíocht a fuair sí ó fhórsaí armtha na hIodáile Faisistí agus na Gearmáine Naitsí. Mar fhreagairt, chinn grúpaí frith-Fhaisisteach ar fud na cruinne dul i gcabhair ar Phoblach na Spáinne agus bunáiodh na Briogáidí Idirnáisúnta.

Le linn Chogadh Chathartha na Spáinne (1936-1939), throid níos mó ná 35,000 fear agus bean ó 53 thír éagsúil, nasctha le chéile sna Briogáidí Idirnáisúnta ar son dara Poblacht na Spáinne.

Níor tharla sé riamh roimhe gur tháinig an oiread sin daoine le chéile i ndlúthpháirtíocht idirnáisúnta. Bhain na hóglaigh óga an Spáinn amach agus iad sásta a mbeatha a thabhairt le cuidiú le muintir na Spáinne a raibh a gceart faoi bhagairt ag an Fhaisisteachas Spáinneach agus idirnáisúnta.

Cailleadh níos mó ná 9,000 acu, cuid mhór Éireannach agus Briotaineach ina measc, ar thalamh na Spáinne.

I mí Meán Fómhair 1936, bhain an chéad óglach Éireannach Madrid amach le páirt a ghlacadh sa troid chróga fhrith-Fhaisisteach an chathair a chosaint, gníomhaí i gCeardchumann na mBríceadóirí, Bill Scott.

D’eascair Bill as clann pholaitiúil Phrotastúnach d’aicme oibre Bhaile átha Cliath agus throid a athair in éirí Amach na Cásca 1916 in Arm Saoránach na hÉireann faoi stiúir James Connolly.

Lean suas le 200 Éireannach a shampla – fir ar maos i dtraidisiúin an aicme oibre, idir Chaitliceach, Phrotastúnach agus Iúdach, i gcathracha na tíre chomh maith le traidisiúin an phoblachtánachais agus Chumann na Talún sna bailte móra agus faoin tuath.

Se a bhí iontu ná, mar a cheol Christy Moore san amhrán, Viva La Quince Brigada: “a brotherhood against the fascist clan’. Ba é an leabhar Connolly Column le Micheál Ó Riordáin, fear a throid sa Chogadh Cathartha, a spreag an t-amhrán.

Ar rolla onóra na Rannóige Éireannaí de na Briogáidí Idirnáisúnta, tá Iúdach, ministir de chuid Eaglais na hÉireann Jew, iar- Bhráthair Críostaí, gníomhaithe cumannacha, iar-bhaill an IRA agus iar-bhall den Ord Oráisteach. D’fhíoraigh na daoine seo an fhís a bhi ag Wolfe Tone comhghuaillíocht idir Caitlicigh, Protastúnaigh, agus Dissenter faoin ainm Éireannaigh.

Tá grúpa Ard Mhacha ceangailte le La Asociación de Amigos de las Brigadas Internacionales atá lonnaithe i Madrid, eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm aici na fir agus na mná sin a chuaigh chun na Spáinne leis an daonlathas a chosaint idir 1936 agus 1939, a chaomhnú.

Bunaíodh i 1995 é le omos náisúnta a eagru do na Briogáidí Idirnáisúnta sa Spáinn fein agus leisan ghealltanas a thug Don Juan Negrin i 1938, a chomhlíonadh i.e. go mbronnfaí saoránacht Spáinneach ar “Óglaigh an tSaoirse.”

Is é an phríomhaidhm atá ag Cumann Chairde na mBriogáidí Idirnáisúnta ná oidhreacht stairiúil, cuimhne agus luachanna na mBriogáidí a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh.

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.