Cuairt ar Leuven na nGael?

St Anthony's College, Leuven

St Anthony’s College, Leuven

 

Tá clár ag dul amach ar BBC2 anocht (Dé Luain, 23 Márta) ar a 10in agus sílim gur fiú go mór amharc air.

Is é an dara clár sa tsraith An Coláiste Éireannach agus san eagrán seo, cuireann an Dr Art Hughes síos ar an Choláiste i Leuven nó Louvain nó Lobháin sa Bheilg.

Is clár thar a bheith suimiúil é a chuireann síos ar:

mar a bunaíodh an Coláiste in 1607 do na Gaeil amháin (agus ní do na SeanSasanaigh nó The Old English mar a tugadh orthu);

mar a bhí Leuven mar lárionad athbheochan na Gaeilge sa 16ú agus 17ú céad;

mar a bhí Leuven mar chuid den Fhrith-Reifeirméisean agus cogadh cultúrtha na linne sin;

gurbh é Leuven “an chead institiúid taighde Ghaeilge” riamh;

gur thionscain siad “An Tionscadal Mór” le cur síos ar fhéiniúlacht Éireannach agus an féiniúlacht sin a chur chun cinn;

bhí na Gaeil chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta na linne;

Scríobh Giolla Brighde Ó hEodhasa an chead saothar Gaeilge

An SeanCholáiste in Leuven

An SeanCholáiste in Leuven

Caitliceach,  (1611);

An cló Gaelach a bhfuil aithne againn air inniu, bunaíodh é ar pheannaireacht Giolla Brighde Ó hEodhasa.

D’fhoilsigh Aodh Mac AIngil as Contae an Dúin ó dhúchas saothar creidimh chomh maith

An leabhar clúiteach staire, Annála Ríoghachta Éireann nó Annála na gCeithre Máistrí, tosaíodh i Leuven é, áit a raibh Michael Ó Cléirigh ag staidéar.

Stair na hÉireann scríofa ag Gael – rud is annamh!

Tá cuid mhór rudaí suimiúla eile sa chlár seo.

An fáth go bhfuil mé á scríobh seo ná gur féidir turasanna treoraithe a fhail go Leuven má tá suim agat sa stair, sa Ghaeilge, sa chreideamh, sa taisteal, sa léinn, i dteangacha agus ar an iliomad cúiseanna eile.

Má tá baint agat le cúrsaí teanga, bheadh sé suimiúil foghlaim faoin phobal beag Gearmáinise sa Bheilg.

Tá a fhios againn go bhfuil an tír scoilte idir lucht labhartha na Fraincise agus lucht labhartha na hOllainnise ach tá ag éirí go breá le lucht labhartha na Gearmáinise cearta a bhaint amach do theanga s’acu. Ceachtanna do na Gaeil?

400 bliain i ndiaidh bhunú an Choláiste Éireannaí , tá na Gaeil fós i lár shaol na hEorpa – ach an bhfuil an Ghaeilge a chaomhnaigh na fir chróga, chliste sin sa chianaimsir faoi bhagairt ag cinní Rialtas na hÉireann?

Anuas air na gnéithe tromchúiseacha seo, is cathair álainn í Leuven. Níl sé ach 15 míle thoir-thuaidh den Bhruiséil – áit ar féidir cuairt a thabhairt uirthi – agus tá sé lán foirgneamh galánta, iarsmalanna agus dánlanna, bialanna breátha agus ní gan fáth go bhfuil clú agus cáil ar an Bheilg as feabhas a bheorach. Déantar Stella Artois in Leuven!

Má tá suim agat nó ag do ghrúpa/eagraíocht cuairt a thabhairt ar Choláiste na nGael i Leuven, mar ghrúpa nó mar dhaoine aonair, nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag robert@robertmcmillen.ie nó robert@comhramedia.com

 

You may also like...

  • AidanOHara

    Aontaím leat gut fiú cuairt a thabhairt ar
    Choláiste na nGael sa Liobháin/ Leuven/ Louvain. Chaith mé seachtain ann i Mí
    Deireadh Fómhair, 2007 (comóradh 400 bl. bunú an choláiste) le Cumann Staire
    Chnoc Liamhna (Knocklyon Hist. Soc., Dublin).
    Is cathair an-inspéise í Leuven, agus nuair a bhíomar ann, tógadh ar
    turas muid go dtí ionad chuimhneacháin na nGael a throid ar son na Fraince ag
    Cath Lafelt, gar do Maastricht, 2 Iúil 1747 (The War of the Austrian
    Succession). An lá roimh dul isteach sa chath dóibh, bhí ‘na leads’ ag imirt
    iománaíochta! Cailleadh beagnach 800 díobhtha sa chath.

    • http://www.robertmcmillen.ie Robert

      Tá sé sin thar a bheith suimiúil – agus brónach – a Aidan.

      D’iarr an Leuven Institute for Ireland in Europe orm fáil amach an mbeadh suim ag daoine nó ag grúpaí Gaeilge/staire cúpla lá a chaitheamh i Leuven. Molfaidh mé go rachadh daoine go Lafelt chomh maith. Go raibh míle maith agat.